Ceacht 3 Na Rúin- Filleann an Feall

Ceacht 3 Na Rúin- Filleann an Feall

naruincharacters_300dpi

Ceacht 3
Tuiscint:
  • Cén sórt duine í Ciara dar le Rachel agus céard nach mbeadh sí in ann a dhéanamh?
  • Cad a thug Bernie faoi deara agus cén fáth?
  • Cad a insíonn Bernie do David?
  • Cad atá an bheirt chailíní ag déanamh?
  • Cén freagra a thugann Ciara do “Lorcán”?
  • Cad a cheapann Saoirse faoi Chiara?
  • Cén t-eolas atá Yvonne do David?
  • Céard iad na ceisteanna a chuireann sé ar Yvonne agus cén fáth?
  • Cén t-ainm ainmnithe a chuireann Rachel ar an nGarda?
  • Cé a raibh Lorcan ag súil casadh leis?
  • Cén t-eolas a thugann Rachel do Lorcán?
  • Cén cur síos a thugann Rachel do Lorcán ar an mbuachaill ar chas Ciara air?
  • Céard atá dochreidte dar le Lorcán agus conas a mhothaíonn sé?
Cuimhne:
  • Cé mhéad póstaer atá ar an mballa taobh thiar den Gharda?
  • Cén dáta atá ar an téacs ó Lorcán?
  • Cé mhéad buachaill a shiúlann taobh thiar de Chiara?
  • Céard atá i lámha Bernie?
  • Cad atá Rachel ag déanamh nuair atá sí ag fanacht le David agus Yvonne?
Caint:
  • Is tusa Saoirse. Freagair na ceisteanna seo leis an duine in aice leat.
  • Cad is ainm duit?
  • Cá bhfuil tú i do chónaí?
  • An maith leat é?
  • Inis dom faoin ‘Teaghlach’ agus na daoine atá ag obair ann.
  • Céard is maith leat faoi, céard nach maith leat faoi?
  • Inis dom faoi do bhaile.
  • Céard é do chaitheamh aimsire?
  • Anois cuir na ceisteanna thuas ar Rachel. (Is é an duine a chuir na ceisteanna thuas Rachel).
Scríobh:

Is tusa an Garda, scríobh suas an comhad ar an gcás. Luaigh na pointí seo a leanas:

Cé atá caillte; cur síos ar an gcailín (airde, aois, éadaí a bhí uirthi an uair dheireanach a chonacthas í; an áit dheireanach a chonacthas í; conas a bhí sí (sásta, crosta srl); na daoine atá le ceistiú agus an t-eolas atá faighte ó na daoine atá ceistithe.

Gluais:

Comhad: cáipéis, is féidir é a bheith i bhfoirm chrua (ar pháipéar) nó i bhfoirm bhog (ar ríomhaire)