Ceacht 2 Na Rúin- Filleann an Feall

Ceacht 2 Na Rúin- Filleann an Feall

naruincharacters_300dpi

Mír idirlín 2
Tuiscint:
  • Cén fáth a bhfuil Lorcán buartha?
  • Cén deis a fheiceann Anto do Lorcán?
  • Cén fáth ar fhág Lorcán Leitir Móir?
  • Cén sórt damsheoirí atá Emer a fháil?
  • Cén fáth a mbíonn Rachel ag caoineadh?
  • Céard a deir Rachel fúithi féin agus Ciara le Yvonne?
Cuimhne:
  • Cén t-ainm atá ar an gcaifé?
  • Cad atá scríofa ar t-léine Lorcáin?
  • Cén dath atá ar léine Bernie?
  • Cad atá scríofa os cionn phictiúr Chiara sa pháipéar?
  • Céard a ordaíonn Lorcán sa chaifé?
  • Ainmnigh na háiteanna a luann Anto mar áiteanna do ghigeanna.
Caint:
  • Céard a cheapann tú faoi iompar Shaoirse agus Rachel?
  • Cad ba chóir do Chiara a dhéanamh?
  • Cá bhfuil Ciara dar leat?
  • Cé atá níos measa, Rachel nó Saoirse, agus cén fáth?
  • Dá mbeifeása in áit Chiara céard a dhéanfá?
  • An raibh tu riamh i gcás Chiara nó an raibh tú ag déanamh an ruda atá á dhéanamh ag Rachel agus Saoirse?
  • I do thuairim, cén fáth a ndéanann duine bulaíocht?
  • An bhfuil fadhb bhulaíochta i do scoil?
  • Céard is féidir a dhéanamh faoi bhulaíocht ar scoil?
Scríobh:

Scríobh cuntas gearr don pháipéar áitiúil ag tabhairt eolais faoi Chiara agus an uair dheireaneach a bhí sí feicthe ag daoine. Ná déan dearmad cur síos a thabhairt ar a cuid éadaigh, a hairde, a haois agus tréithe eile dá cuid.

Gluais

Buartha – faoi mhairg, rud ar d’intinn ag cur isteach ort.
Deis – rud maith a thagann as rud eile.
Iompar duine – an chaoi a mbíonn siad le daoine eile.