Ceacht 10 Na Rúin- Filleann an Feall

Ceacht 10 Na Rúin- Filleann an Feall

naruincharacters_300dpi

Ceacht 10
Tuiscint:
  • Cad a deir Máiread faoi Rachel nuair atá sí ag labhairt le Yvonne taobh amuigh den ‘Teaghlach’?
  • Cad a dúirt Mairéad faoin ‘Teaghlach’, bhfuil sí sásta leo agus cén fáth?
  • Dar le hAnto tá “muid famous”, cén fáth?
  • Cé tá ag iarraidh Lorcán a chuir faoi agallamh de réir an téacs?
  • Cé tagann isteach an doras nuair atá Lorcán ag fágáil?
  • Céard tá Rachel ag iarraidh a dhéanamh?
  • Cén drochrud a iarrann Saoirse ar Rachel a dhéanamh leis na málaí?
  • Cén rud a thugann Rachel faoi deara faoi Shaoirse?
  • Céard a deir Lorcán do Chiara faoi na seachtainí nuair a bhí sí ar iarraidh?
  • Céard a cheapann daoine faoi Lorcán anois dar leis?
  • An dtabharfaidh sé seans eile dí?
  • An bhfuil Mairéad sásta Ciara a fheiceáil agus cén fianaise a thugann sí duinn?
  • Cé chaoi a mhothaíonn Eadaoin agus cén fáth dar leat?
Cuimhne:
  • Céard é an nuacht iontach atá ag Anto dar le hEmer?
  • Cad tá scríofa ar bhalla an chaife in aice an doras nuair atá Ciara ag caint le Lorcán?
  • Cad a ghlaonn Rachel ar Shaoirse sa seomra?
  • Cén pictiúir atá taobh thiar de leaba Rachel sa seomra agus céard iad na trí príomhdhath ann?
  • Cén dath atá ar ingne Ciara?
  • Cad tá i lámh an chailín atá ag rith trasna na bóthre sa radharc deireadh agus cén dath é?
Caint:

Leis an duine in aice leat scríobh síos cúpla pointe a bheadh le clúdú i bPreasagallamh ag an Garda agus abair amach é.

Scríobh:

Scríobh an cómhra a cheapann tú a bheadh idir Chiara agus Rachel an lá a tháinig Ciara abhaile.