Ceacht 1 Na Rúin- Filleann an Feall

Ceacht 1 Na Rúin- Filleann an Feall

naruincharacters_300dpi

Mír idirlín 1

Ceacht 1:
Tá buachaill nua i Ros na Rún agus tá suim ag Rachel agus Ciara ann agus ní dá cheol! Tá an chosúlacht ann gur maith le Lorcán Ciara. Níl Rachel sásta faoi seo agus níl sí chun glacadh leis ach céard a dhéanfaidh sí?

Tuiscint:
  • Cé hé an t-amhránaí nua i Ros na Rún?
  • Cá raibh a cheolchoirm ar súil?
  • Tugann Anto eolas faoina chéad cheolchoirm eile, cá mbeidh sé ar siúl agus cén t-am?
  • Cé hiad na cailíní a bhfuil suim acu i Lorcán?
  • Cén ceol atá “uncool” dar le Rachel?
  • Cé leis a siúlann Lorcán abhaile?
  • Conas a mhothaíonn Rachel faoi seo?
  • Cén dochar a bhí déanta ag Lorcán i gCill Chiaráin?
Cuimhne:
  • Cá raibh an cheolchoirm ar siúl?
  • Cad a bhí i lámha na gcailíní ag an gceolchoirm?
  • Cén dath atá ar na ballaí i seomra Rachel agus Ciara?
  • Céard atá ar cheann Anto?
Caint:

Ainmnigh amhránaí nó grúpa a sheinneann sna stíleanna seo a leanas.