Gaelchultúr: Fís agus Foghlaim

Fís agus Foghlaim

Sraith 50 físeán atá in “Fís agus Foghlaim” a bhfuil sé mar sprioc léi foghlaim na gramadaí a dhéanamh i bhfad níos éasca agus i bhfad níos spraíúla. Dírítear sna físeáin ar chuid de na rialacha gramadaí is lárnaí agus is tábhachtaí.

Ar ndóigh, ní féidir díriú ar gach rud i bhfíseáin nach bhfuil ach timpeall dhá nóiméad an ceann, ach tús maith leath na hoibre agus is féidir leanúint leis an staidéar leis an leabhar “Gramadach gan Stró!” (atá ar díol anseo) nó leis an leagan ar líne den leabhar sin atá ar fáil anseo.