Freagraí ó Scrúduithe Mata Ardleibhéal na hArdteistiméireachta

Tá sleamhnáin sna comhaid PowerPoint seo agus clúdaíonn siad na ceisteanna uile ó 2010 go 2020 i Scrúduithe Mata Ardléibhéal na hArdteistiméireachta. Tá beochaintí agus éifeachtaí ríomhghinte ann le cabhrú leis na daltaí samhlú a dhéanamh ar na coincheapa atá riachtanach le haghaidh gach ceiste. Tá ceisteanna iomlán ann, in éineacht le réitigh céim ar chéim agus le scéim iomlán mharcála, agus tabharfaidh siad do na daltaí an tuiscint is fearr de na hábhair agus de leibhéal deacrachta na gceisteanna le hocht mbliana anuas. Is innéacs é an chéad shleamhnán agus is féidir leis an úsáideoir ceist áirithe a roghnú de réir bliana. Is féidir na beochaintí a stiúradh ag baint úsáide as an tsaighead dheas agus as an tsaighead chlé ar do ríomhchlár nó ar an gcnaipe ar chlé ar an lúchóg. Tá cnaipe baile ar gach sleamhnán agus is féidir sin a úsáid le pilleadh ar an bpríomhinnéacs.