Cad é an AE? | An tAontas Eorpach | Topaicí | Na hInstitiúidí | Gníomhaíochtaí |
Fairsingiú an AE
Thar na blianta, roghnaigh mórán tíortha dul isteach san Aontas Eorpach. Síníodh conradh speisialta gach uair a tharla sé sin, agus tugtar Conarthaí Aontachais orthu siúd. Ní mór gach conradh aontachais a bheith sínithe ag tíortha go léir an AE agus ag an tír atá ag dul isteach.
Bhí roinnt méaduithe den AE ó bunaíodh é. Ní mór do gach tír comhaontú le caighdeáin áirithe le go dtabharfar cead dóibh dul isteach, tugtar Critéir Chóbanhávan orthu.
An Próiseas Aontachais
Is é seo an t-ainm a thugtar don nós imeachta nach mór do thír a leanúint agus í ar an gcosán chun dul isteach san AE.
Ar dtús, déanann tír iarratas ar dhul isteach san AE. Tugtar tíortha is iarrthóirí iad ar na tíortha sin. Nuair a dhéantar a hiarratas a fhaomhadh, ceadaítear iad dul ar an bpróiseas aontachais.
Ag an gcéim seo, caithfidh an tír cuid ama – arb ionann í agus blianta uaireanta – chun na caighdeáin riachtanacha a bhaint amach le bheith mar bhall den AE i ndáiríre. Is é cuid den phróiseas seo fáil réidh leis an Aquis Communitaire a chur i bhfeidhm maidir le dlíthe a dtíre féin, agus is ionann cuid eile agus caighdeáin a ardú i gcoitinne – má tá sé ag teastáil. Bíonn an fad ama a thógann sé agus an méid iarrachta i gceist ag brath ar an gcéim ag a bhfuil gach tír ina forbairt mar gheilleagar agus mar dhaonlathas nua-aimseartha. Tá níos mó oibre de dhíth ar roinnt tíortha ná atá de dhíth ar thíortha eile!
Nuair a bhíonn an tír réidh, síníonn sí Conradh Aontachais agus éiríonn sí ina ball den Aontas Eorpach agus bíonn na cearta céanna – agus na freagrachtaí céanna – aici is atá ag na baill eile go léir.
An Aquis Communitaire
Is é seo ‘leabhar rialacha’ an AE. Ní mór do gach tír a théann isteach glacadh leis na rialacha seo agus rialacha an AE – atá go léir san Aquis – a chur san áireamh i ndlí a dtíre féin mar chuid den phróiseas aontachais. Comhaontaíonn siad leis seo nuair a dhéanann siad a gconradh aontachais a idirbheartú agus a shíniú.
Cé na tíortha atá ag fanacht le dul isteach?
Féach anseo thíos chun a fháil amach cad iad na tíortha nua a bheidh ag teacht isteach san AE – tíortha a bhfuil idirbheartaíocht ar siúl acu faoi láthair chun ballraíocht AE a fháil
Nasc http://ec.europa.eu/economy_finance/international/enlargement/index_en.htm
Conarthaí Aontachais
Nuair a théann tír isteach san AE, síníonn sí Conradh Aontachais. Tríd an gconradh a shíniú, éiríonn an tír ina ball den AE agus tá na cearta agus na freagrachtaí go léir de bhaill den AE aici, cosúil leis na baill eile.
Bhí roinnt Conarthaí Aontachais ann ó bunaíodh an AE, téann tír amháin nua nó níos mó isteach gan uair.
Rialacha maidir le dul isteach san AE – Critéir Chóbanhávan
Ní mór do thír caighdeáin áirithe a bhaint amach chun dul isteach san AE. Is é ‘Critéir Chóbanhávan’ an t-ainm a thugtar do na tíortha sin.
- Ní mór do thír a bheith ina daonlathas agus meas a thabhairt do chearta an duine
- Ní mór do thír geilleagar nua-aimseartha a bheith aici
- Ní mór do thír a bheith ábalta agus toilteanach cloí le caighdeáin agus rialacha an AE
Cé a chuaigh isteach agus cén uair?
Ó bhunú an AE, leanann tíortha nua orthu dul isteach. Ar dtús, bhí sé bhall bunaidh – an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil, an Ísiltír, an Bheilg agus Lucsamburg. Bhí méaduithe rialta ann ó shin i leith agus leanfar leis seo.
In 1957, bhí an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil, an Ísiltír, an Bheilg agus Lucsamburg ann, ní raibh ach sé thír ina mball.
In 1973, chuaigh Éire, an Ríocht Aontaithe agus an Danmhairg isteach agus ardaíodh líon na mball go deich dtír
In 1981, chuaigh an Ghréig isteach agus, mar sin de, bhí aon tír déag ann
In 1986, chuaigh an Spáinn agus an Phortaingéil isteach, rud a d’ardaigh an líon go trí thír déag
In 1995, chuaigh an Ostair, an Fhionlainn agus an tSualainn isteach, ag ardú an lín go sé thír déag
In 2004, chuaigh líon mór tíortha isteach ag an aon am amháin agus ardaíodh an líon go cúig bhall is fiche. Ba iad seo an Pholainn, Poblacht na Seice, an tSlóvaic, an
Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, an Ungáir, Málta agus an tSlóivéin.
In 2007, chríochnaigh an Rómáin agus an Bhulgáir a n-aontachas agus b’ionann líon iomlán na mball den AE agus seacht mball is fiche.
I mí na Nollag 2011, shínigh an Chróit Conradh Aontachais. Ba cheart go mbeadh sí ina ball iomlán faoin mbliain 2013, rud a ardóidh líon iomlán na mball den AE go hocht mball is fiche.
Léarscáileanna de Mhéaduithe
Thosaigh an AE mar ghrúpa ina raibh sé thír a cheangail le chéile. Thar na blianta ina dhiaidh sin, chuaigh tíortha eile isteach ann. Tharla an próiseas seo i gcéimeanna.
Féach anseo le haghaidh léarscáileanna a léiríonn gach céim den phróiseas méadaithe
Na Sé Stát Bunaidh – MAPS WILL HAVE TO BE REPLACED (now linking to old server)
In 1957, bhí an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil, an Ísiltír, an Bheilg agus Lucsamburg ann, ní raibh ach sé thír ina mball.
Téann an Danmhairg, Éire agus an Ríocht Aontaithe isteach
In 1973, chuaigh Éire, an Ríocht Aontaithe agus an Danmhairg isteach agus ardaíodh líon na mball go deich dtír
Téann an Ghréig isteach
In 1981, chuaigh an Ghréig isteach agus, mar sin de, bhí aon tír déag ann
Téann an Phortaingéil agus an Spáinn isteach
In 1986, chuaigh an Spáinn agus an Phortaingéil isteach, rud a d’ardaigh an líon go trí thír déag
Téann an Ostair, an Fhionlainn agus an tSualainn isteach
In 1995, chuaigh an Ostair, an Fhionlainn agus an tSualainn isteach, ag ardú an lín go sé thír déag
An Méadú Oirthearach
In 2004, chuaigh líon mór tíortha isteach ag an aon am amháin agus ardaíodh an líon go cúig bhall is fiche. Ba iad seo an Pholainn, Poblacht na Seice, an tSlóvaic, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, an Ungáir, Málta agus an tSlóivéin.
An Méadú Oirthearach Críochnaithe
In 2007, chríochnaigh an Rómáin agus an Bhulgáir a n-aontachas freisin agus b’ionann líon iomlán na mball den AE agus seacht mball is fiche.
Léarscáileanna © An tAontas Eorpach, 1995-2011
For-rochtain an AE
Mar chuid de thaidhleoireacht leanúnach an Aontais Eorpaigh, tá comhaontuithe éagsúla le tíortha lasmuigh den AE. Tá roinnt acu le tíortha ar comharsana iad agus tá comhaontuithe eile ina gcuid de chlár cabhrach idirnáisiúnta an AE.
EUROMED 2008
Comhaontaíodh an tAontas um an Meánmhuir (nó Euromed) in 2008.
Ar na gníomhaíochtaí a bhfuil baint aige leis, tá díthruailliú na Meánmhara, cabhair éigeandála a chur ar fáil, tionscadail díshalannaithe agus plean grianfhuinnimh a fhorbairt le haghaidh tíortha timpeall na Meánmhara.
Is iad seo a leanas na tíortha a fholaítear in Euromed – An tAontas Eorpach, an Albáin, an Ailgéir, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chróit, an Éigipt, Iosrael, an Iordáin, an Liobáin, an Mháratáin, Monacó, an tÚdarás Palaistíneach, an tSiria, an Túinéis, agus an Tuirc.
Féach anseo le haghaidh LEATHANACH BAILE EUROMED
Comhaontú Cotonou 2000
Is socrúchán é seo idir an AE agus roinnt tíortha Afracacha, Cairibeacha agus an Aigéin Chiúin (an Grúpa APC) chun cabhair forbartha agus téarmaí trádála tairbheacha a chur ar fáil.
Féach anseo le haghaidh leathanach baile Chomhaontú CotonouSee here for the Home page
Dá mba mhaith leat tuilleadh faisnéise a fháil maidir le roinnt comhaontuithe breise, féach thíos.
Comhpháirtíocht an Oirthir
Is é atá i gComhpháirtíocht an Oirthir comhaontú idir an AE agus an Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an tSeoirsia, an Mholdóiv agus an Úcráin, a thacaíonn le daonlathas agus le forbairt eacnamaíoch.
Féach anseo chun dul chuig leathanach baile Chomhpháirtíocht an Oirthir
Beartas Comharsanachta na hEorpa
Is comhaontú é Beartas Comharsanachta na hEorpa a rinneadh in 2004 chun tacú le daonlathas agus le forbairt eacnamaíoch.
Ar na tíortha a bhfuil baint acu leis, tá an AE agus an Ailgéir, an Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an Éigipt, an tSeoirsia, Iosrael, an Iordáin, an Liobáin, an Libia, an Mholdóiv, Maracó, an tÚdarás Palaistíneach, an tSiria, an Túinéis agus an Úcráin.
Féach anseo le haghaidh léarscáil idirghníomhach a léiríonn tuilleadh faisnéise faoi thíortha Bheartas Comharsanachta na hEorpa.
See here for an interactive map showing more information on ENP countries.