Féile Haiceála do Dhaltaí Iar-bhunscoile

Beidh féile haiceála á reáchtáil ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (FSG), DCU an fómhar seo!

Áit: Bialann Theach na Sinsear, ar Champas na Naomh Uile, DCU (Mapa Google & Mapa DCU).

Am: 14:00-17:00, 29 Samhain 2023.

Fearfar fáilte roimh iomaitheoirí aonair agus roimh fhoirne, agus déanfar breithiúnas ar ghnéithe éagsúla dá gcuid oibre. Is do mhic léinn ollscoile (bunchéime nó iarchéime) agus do dhaltaí meánscoile an ócáid seo. Beidh an ócáid á reáchtáil trí Ghaeilge, ach ní gá go mbeadh Gaeilge agat. Beidh cur i láthair 120 soicind le déanamh don slua ar an lá, agus beidh na moltóirí ag iarraidh spléachadh a thabhairt ar an gcód foinseach i rith an lae.

Is féile saor in aisce í seo ach clárú linn faoin 18 Meán Fómhair, 23:59, trí rphost a sheoladh chuig [email protected]. Cuir “Féile Haiceála 2023” mar ábhar ar an rphost, le do thoil, agus sonraigh ainm na foirne (más ann dó – d’ainm féin más iomaitheoir aonair thú), riachtanas bia, agus ainm chaptaen na foirne sa ríomhphost úd. Seolfar sonraíocht na féile chuig na hiomaitheoirí atá cláraithe ar an 15 Meán Fómhair sa chaoi gur féidir tús a chur leis an bpleanáil agus leis an bhforbairt.

Beidh pizza agus caife saor in aisce ann do na hiomaitheoirí uilig.

Beidh duaiseanna AIRGID agus FÉIRÍNÍ le bronnadh orthu siúd a bheas i láthair ar an lá.

Déanfar breithiúnas ar ghnéithe teicniúla den phíosa teicneolaíochta a chruthófar, agus ar ghnéithe eile a shonraítear sa rúibric thíos.

Cárta Scórála

  • Castacht theicniúil
  • Úrnuacht
  • Snas, dearadh agus críochnúlacht
  • Úsáideacht nó feidhmiúlacht
  • Pointí bónais*

*Bronnfar pointí bónais má léirítear gur foghlamaíodh rud éigin nua, as fadhb nua a aithint, as a bheith gúfaí greannmhar, nó as na moltóirí a mhealladh le plámás!