Spléachadh ar Aistear Ama 3

Tá áthas ar COGG a fhógairt go mbeidh duine d’údair na sraithe staire,  Aistear Ama: Stair don tSraith Shóisearach, Edel Ní Loingsigh, i mbun ceardlainne ar Aistear Ama 3, Déardaoin seo chugainn, 13 Feabhra, mar chuid de Fhóram Feasa.  Foilseofar Aistear Ama 3 in am don scoilbhliain nua.

Ag an seisiún (6-7 a chlog) , beidh:

  • Caibidlí samplacha (Aistear Ama 3)  á roinnt le múinteoirí
  • Cur i láthair ar chluichí nua idirghníomhacha ar Aistear Ama 1, 2 atá ar fáil ar tairseachcogg.ie
  • Deis plé agus moltaí faoi na hacmhainní nua
  • Is féidir clárú ag an nasc thíos:

https://tinyurl.com/aistearama