Seachtain na nÓg

Seachtain na nÓg

Tá imeacht atá á n-eagrú ag Cumann na bhFiann ar líne darbh ainm ‘Seachtain na nÓg’. Tá seo dírithe ar an aoisghrúpa 10-13 agus beidh sé ar siúl ar an 25-27/05/2021. Tá meascán d’imeachtaí idir Cheardlanna Bhácála, Damhsa, agus neart eile, chomh maith le Tráth na gCeist le duaiseanna éagsúla á dtabhairt amach gach lá. Is féidir gach eolas a fháil má leanann tú an nasc ag www.cnb.ie

Ceardlann Ar Líne

Tá Cumann na bhFiann ag cur ceardlann 40 nóim. ar fáil ar líne d’oibrithe óige agus múinteoirí atá dírithe ar an Lámhleabhar do Chlubanna Fíorúla a bhí scaipthe ort le déanaí. Cé go bhfuil an chéad cheardlann (17/05/2021 – Inniu) lán, tá spásanna teoranta fós ann don dara cheardlann ar an Déardaoin (20/05/2021). Níl aon chostas ar an gceardlann, ach iarraim ort clárú ag an nasc thíos faoin gCéadaoin seo, 19/05/2021, le d’ainm a bheith san áireamh. Foirm Clárúcháin – Ceardlann na gClubanna Fíorúla d’Oibrithe Óige & Múinteoirí