Is tábhachtaí an eolaíocht anois ná a bhí riamh sa saol againn.
Cabhróidh na físeáin ar an suíomh seo leat na rudaí eolaíocha is casta a thuiscint.
Cuireann Aoibhinn Ní Shúilleabháin i láthair iad.
Is áis luachmhar iad na 18 físeán seo do mhic léinn atá ag déanamh staidéir ar eolaíocht na Sraithe Sóisearaí.
Agus is áis luachmhar iad freisin do mhúinteoirí atá ag múineadh fisice, ceimice agus bitheolaíochta as Gaeilge. Tá míniúchán simplí ar roinnt de na coincheapa is casta san eolaíocht – agus tá litriú na dtéarmaí Gaeilge le feiceáil go soiléir ar an scáileán freisin.
Tá treoracha ar fáil do mhúinteoirí chun an leas is mó a bhaint as na físeáin. Féach ar an bhfíseán is mó ina bhfuil spéis agat anois – tús maith leath na hoibre.
Tá COGG fíorbhuíoch den tacaíocht a fuair an áis seo.
Ceimic
Aigéid agus Bunanna
Imoibriú
Meascán a Dheighilt
Na Miotail
Struchtúr an Adaimh
Tuaslagáin
Bitheolaíocht
Bithsféar
Eiceolaíocht
Einsímí
Fótaisintéis/h3>
Micribhitheolaíocht
Struchtúr an Bhlátha
Fisic
Teas
Brú
Dlús
Fórsaí
Fuinneamh
Leictreachas
Treoracha
Clúdaítear fisic, ceimic agus bitheolaíocht sna 18 físeán seo; tá 6 fhíseán ann do gach ábhar. Tá na físeáin uile roinnte ina dtrí chuid – tús chun fiosracht a spreagadh, plé ina bhfuil míniúchán ar an eolaíocht, agus achoimre chun an eolaíocht a chur i gcomhthéacs. Chun an leas is mó a bhaint as na físeáin seo sa seomra ranga, is fearr an tús a thaispeáint leis féin chun ceisteanna a ardú i measc na mac léinn.
Ansin tar éis duit labhairt leis na mic léinn is féidir an plé a thaispeáint chun go bhfoghlaimeoidh na mic léinn an eolaíocht. Tar éis duit deis a thabhairt dóibh an méid atá foghlamtha acu a chur i bhfeidhm trí phlé sa seomra ranga agus sa tsaotharlann, taispeáin an achoimre dóibh chun an t-eolas nua seo a chur i gcomhthéacs.
Tacaíocht
Tá COGG fíorbhuíoch d’Aoibhinn Ní Shúilleabháin as na físeáin seo a chur i láthair, agus d’Fhinín Máirtín as an ábhar eolaíochta a chur ar fáil. Tá COGG fíorbhuíoch freisin do na múinteoirí agus do gach duine eile a chuidigh leo na físeáin seo a chur le chéile. Tá buíochas faoi leith ag dul do na heagraíochtaí a rinne ábhar físe a sholáthar – NASA, ESA agus cartlann fhíse an Aontais Eorpaigh ina measc.