Racáil sa Rang

Tá Racáil sa Rang Commissiúnaithe ag An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta ar fail anseo. Le teacht i dtír ar an gcaoi nach féidir le páistí a bheith i láthair ag léirithe beo le linn 2020, chruthaigh Branar i gcomhar le hIonad Ealaíne an Linenhall agus Amharclann Crann Teile togra ceoil den scoth do pháistí ó Naíonáin Bheaga do Rang a Dó. Is togra píolótach ilardán é Racáil sa Rang a thugann an ceol ó léiriú iomráiteach de chuid Branar, Rockin’ Rhymes, isteach i seomraí ranga ar fud na tíre. Tá beocht chroíúil curtha againn i gcuid de na rainn is cáiliúla do pháistí (agus cuid eile nach mbeidh cloiste agaibh!) le cúigear ceoltóirí iontacha. Bhain muid casadh nua as cuid de na foinn agus na focail ach ná bíodh imní ort, aithneoidh tú na rainn is fearr leat gan aon fhadhb! Tugann Racáil sa Rang deis do pháistí agus do mhúinteoirí taitneamh a bhaint as amhráin an tseó agus iniúchadh a dhéanamh orthu, le foghlaim faoi dhéantús agus faoi dhomhan an cheoil. Táimid ag súil go spreagfaidh an togra seo páistí a Racáil sa Rang féin a chumadh agus iad féin a chur in iúl trí thograí cruthaitheacha eile bunaithe ar amhráin an albaim seo. Is le Branar Drámaíochta CGL na cearta ar fad maidir leis an ceol seo.