Rí na Sióg

Aistriúchán ar an dan uafáis 'Der Erlkönig' le Johann Wolfgang von Goethe (1749-1832).
Rí na Sióg – Dán.

Aistriúchán ar an dan uafáis ‘Der Erlkönig’ le Johann Wolfgang von Goethe (1749-1832). Dá mba mhian leis an múinteoir é a leabú isteach níos mó i léann na Gaeilge, d’fhéadfaí comparáid a dhéanamh idir an dán agus an gearrscéal ‘Eoghainín na nÉan’ ag Pádraig Mac Piarais mar déantar léamh an tinnis ar chás an pháiste sa dá rud go minic. D’fhéadfaí ceangal a dhéanamh leis an mBéarla freisin trí chomparáid a dhéanamh idir an dán seo (agus an leagan Béarla de) agus ‘Stolen Child’ ag Yeats ó thréimhse na hathbheochana. D’fhéadfaí staidéar comparáideach a dhéanamh idir an leagan Gaeilge agus an leagan Gearmáinise do na daltaí siúd a bheadh ag plé leis an dá theanga. D’fhéadfaí staidéar a dhéanamh ar theicnící an aistritheora agus ar na mothúcháin a chothaítear sa dá leagan. Bealach a bheadh ann an Ghaeilge, an Béarla, an Ghearmáinis, an ceol, an fhilíocht, an scríbhneoireacht chruthaitheach agus an t-aistriúchán a phlé in éineacht. Seans freisin go spreagfadh sé tionscadail chruthaitheacha i measc na ndaltaí freisin. Ar fáil anseo.

Fí na Folláine – Sraith Sleamhnán

Tá sraith sleamhnán cruthaithe ag Outside the Box, le tacú ó COGG, chun cabhrú le múineadh Fí na Folláine. Cliceáil anseo chun Fí na Folláine a ordú agus chun na sleamhnáin a íoslódáil.

AN LITRÍOCHT BHÉIL: Acmhainní nua don seomra ranga ar fáil ar Tuairisc.ie

Tá acmhainní teagaisc nua á seoladh ar Tuairisc.ie inniu atá bunaithe ar ábhar ó Bhailiúchán na Scol ón suíomh dúchas.ie.
Tá sé mhír déag sa ‘Litríocht Bhéil’ agus na míreanna nua ar fad ar fáil saor in aisce do chách ó inniu ar aghaidh.
Is comhghuaillíocht atá anseo idir Scoil an Oideachais in OÉ Gaillimh agus Tuairisc.ie le tacaíocht ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG).
Is iad Breandán Mac Gearailt agus Emer Davitt, léachtóirí ar an Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO) in OÉ Gaillimh, stiúrthóirí an tionscnaimh agus earcaíodh scoláirí ón MGO le dul i mbun oibre ar ábhar ó Bhailiúchán na Scol.
Tá an t-ábhar, atá deartha ag Tuairisc.ie, dírithe go príomha ar scoláirí na sraithe sóisearaí i scoileanna T1, ach is féidir le scoláirí i scoileanna T2 tairbhe a bhaint astu chomh maith. Is féidir teacht orthu anseo

Maths for Junior Cycle

Dearadh an leabhrán seo le haghaidh shiollabas athbhreithnithe an Teastais Shóisearaigh – Tionscadal Mata. Topaicí a chlúdaítear sa treoir seo: An Dealú, an tIolrú agus an Roinnt Fhada Uimhreacha Aiceanta agus Slánuimhreacha Codáin agus Deachúlacha Céatadáin An tAilgéabar Imlíne agus Achar An Chéimseata Comhordanáidí Cóimheas agus Comhréir Tacair agus Léaráidí Venn An Dóchúlacht Ar dtús, pléitear na céimeanna riachtanacha chun an dealú, an t-iolrú agus an roinnt fhada a dhéanamh, mar is dócha nach bhfuil na modhanna ag teacht leis na céimeanna a d’úsáid tuismitheoirí nuair a bhí siadsan ar scoil. Tá moltaí sa treoir seo freisin maidir le conas is féidir le tuismitheoirí cabhair a thabhairt leis an obair bhaile a dhéanamh. Tugtar achoimre sa chaibidil dheireanach ar theicnící staidéir agus scrúdaithe do dhaltaí. Is féidir an leabhar a íoslódáil anseo.

Beocht na Beatha

Tá Beocht na Beatha ar fáil anois mar leagan clóite agus mar r-Leabhar. Déan teagmháil le foireann na Seirbhísí Custaiméirí ag [email protected] nó glaoigh ar 01 4137200 chun ordú a chur isteach. Níos mó eolais anseo.

Cur síos: Faoi choimirce COGG, tá an leabhar Beocht na Beatha ar fáil – aistriúchán ardchaighdeáin ar an leabhar, Active for Life. Tá Beocht na Beatha an-oiriúnach do scoláirí na Sraithe Sóisearaí.

Is áis teagaisc den scoth é Beocht na Beatha do mhúinteoirí corpoideachais an lae inniu. Ceathrar saineolaithe ar an gcorpoideachas, Fergal Lyons, Sarahjane Belton, Nicola Crean agus Ivan O’Mahony, a chruthaigh é. Tá tuiscint dhomhain acu uile ar churaclam Chorpoideachas na Sraithe Sóisearaí agus tá an cúrsa seo cruthaithe acu le freastal ar riachtanais mhúinteoirí.

Ag teacht le sonraíocht na Sraithe Sóisearaí nua, mapáiltear na measúnuithe uile in Beocht na Beatha trí Ráitis Foghlama na Folláine agus Príomhscileanna Chreatlach na Sraithe Sóisearaí.

Beidh scoláirí, a úsáideann Beocht na Beatha, ábalta a gcuid gnóthachtálacha thar thréimhse na Sraithe Sóisearaí a thaifeadadh agus a choimeád le chéile. Comhlánaíonn an scoláire féin an leabhar saothair cuimsitheach seo. Moltar bealaí, i ngach caibidil, chun féinmheasúnú, piarmheasúnú agus measúnú mar ghrúpa a dhéanamh.

Fí na Folláine

Fí na Folláine (Weaving Wellbeing) Books for 2nd – 4th class will be available this week from Outside the Box. 5th and 6th class books coming very soon. A great support for wellbeing. Support provided by COGG. Available from Outside the Box.

Invitation of Proposals

Tá Cuireadh Chun Tairisceana seolta ag Tuismitheoirí na Gaeltachta maidir le taighde ar an nGaeilge sa Ghaeltacht. Níos mó eolas insan fógra ceangailte anseo nó ar fáil ó [email protected].

An Domhan Beag Seo

An Domhan Beag Seo, Rang 5 agus 6, is available now. There are textbooks and workbooks available for Science, Geography and History. The entire series from Junior Infants to 6th class is now available from CJ Fallon. More information available here.

1 10 11 12 13 14