Folúntas Poist – Ateangaire Comhdhála don Aontas Eorpach

FOLÚNTAS POIST: ATEANGAIRE COMHDHÁLA DON AONTAS EORPACH An labhrann tú teanga Eorpach (seachas Béarla)? Mar shampla, an labhrann tú Spáinnis? Iodáilis? Fraincis? Gearmainis? Gaeilge? Nó aon Teanga Eorpach eile? Más ea, tá an AE od’lorg! Cur Síos ar an bPost: Is í an tseirbhís ateangaireachta institiúidí an AE an ceann is mó ar domhan – mar ateangaire cinnteoidh tú go ndéantar na díospóireachtaí a reáchtáiltear ag cruinnithe a léirmhíniú i gceart i dteanga oifigiúil an AE. Níos mó eolais anseo.