
Faoin Ócáid Seo
Ócáid Ghaeilge ar líne chun tábhacht agus pléisiúr na léitheoireachta Gaeilge do dhaoine óga a phlé. Laureate na nÓg, Áine Ní Ghlinn a bheidh sa chathaoir. Tionscnamh de chuid na Comhairle Ealaíon is ea Laureate na nÓg. Is é Leabhair Pháistí Éireann a dhéanann an tionscnamh a bhainistiú agus a sheachadadh ar son na Comhairle Ealaíon agus tá tacaíocht aige ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus ón Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige.
Cláraigh anseo.