Dhá leabhar nua foilsithe ag an nGúm

Tá dhá leabhar nua don aos óg díreach foilsithe ag an nGúm agus Foras na Gaeilge. Cliceáil anseo chun iad a ordú. I Lár na Coille Éamonn Ó Ruanaí Martin Fagan a mhaisigh Séideán Sí: Úrscéal nua – Rang 3-6 Níor thaitin an choill dhorcha le Siobhán ó bhí sí ina cailín an-óg. Bhí rud éigin aisteach ag baint leis an áit. Ach ní mór do Shiobhán aghaidh a thabhairt ar an gcoill chun cuidiú le cat atá gortaithe. Cá bhfios céard atá roimpi ag bun an chosáin chasta i lár na coille … Beagán draíochta b’fhéidir? Clíona agus an Cluiche Peile Úna Leavy Kieron Black a mhaisigh Is í an pheil is gaire do chroí Chlíona. Ba chuma léi ócáid ar bith a chailleadh ach a bheith in ann imirt sa chluiche craoibhe. Ach an bhfaighidh sí áit ar an bhfoireann?