Category Archives: Publications
Drámaíocht agus Foghlaim Teanga le Sinéad Ní Ghuidhir
Satharn 27 Aibreán 2024. Níos mó eolais anseo.
- Tá an-áthas ar COGG Dianchúrsa Gaeilge agus Ceardlanna Ábhair (Lá na Speisialtóirí) 2024 a fhógairt. Réachtálfar an Dianchúrsa Gaeilge i gcomhar le Gaelchultúr ar feadh ceithre lá ón 12 -15 Lúnasa. Cuirfear ranganna Gaeilge ar fáil do mhúinteoirí iar-bhunscoile ar gach leibhéal (A2- C1) ar feadh 3 lá ó Luan go Céadaoin 12-14 Lúnasa agus beidh na ranganna seo ábhar agus seomra ranga-bhunaithe.
- Déardaoin 15 Lúnasa, reáchtálfar Lá na gCeardlann Ábhair (Lá na Speisialtóirí) i gColáiste na Coiribe, Gaillimh, agus cuirfear deis iontach ar fáil do mhúinteoirí a teagascann trí Ghaeilge teacht le chéile agus ceardlann a dhéanamh le sainmhúinteoirí ina gcuid ábhar féin, mar aon le freastal ar sheisiún nó dhó comónta le gach múinteoir a bheidh i láthair!
- D’éirigh go hiontach le Lá na Speisialtóirí, 2023, ar an láthair chéanna – éistigí leis na múinteoirí ag caint ar RnaG anseo.
- Cláraigí do na ranganna Gaeilge – deis saor in aisce oiriúnach do gach múinteoir – idir mhúinteoirí atá ar bheagán Gaeilge agus mhúinteoirí atá ag iarraidh cur lena gcuid cruinnis.
- Cláraigí do Lá na gCeardlann Ábhair (Lá na Speisialtóirí) – deis do mhúinteoirí iar-bhunscoile teacht le chéile le múinteoirí eile a mhúineann an t-ábhar céanna leo agus foghlaim faoi na hacmhainní is déanaí don ábhar sin.
Tá na ranganna Gaeilge ar líne saor in aisce agus cuirfear liúntas taistil ar fáil do gach múinteoir chun freastal ar Lá na gCeardlann Ábhair/Lá na Speisialtóirí ! Bígí inár dteannta!
Má tá aon eolas breise uaibh, seolaigí r-phost go aoife@cogg.ie
Tá COGG thar a bheith sásta a fhógairt go mbeidh ceardlann ar líne á thabhairt ag Edel Ní Loingsigh, údar na sraithe nuascríofa don tSraith Shóisearach, Aistear Ama, ar an Déardaoin 16 Bealtaine idir 7 -8 i.n. Is múinteoir staire í Edel i nGaelcholáiste Charraig Uí Leighin, Corcaigh, agus d’fhoilsigh COGG a saothar nuascríofa, Aistear Ama 1 (Stair don Chéad Bhliain) anuraidh in am don scoilbhliain 2023-4. An samhradh seo, foilseofar Aistear Ama 2 (Stair don Dara Bliain), atá á scríobh ag Edel faoi láthair i dteannta comhúdair- Stiofáin Ó hIfearnáin.
Sa cheardlann seo, díreofar ar:
- Úsáid éifeachtach Aistear Ama 1
- Torthaí foghlama agus Topaici Aistear Ama 2.
- Caibidlí samplacha (pdf) agus bileoga oibre ó Aistear Ama 2 a roinnt
- Deis cainte agus plé a thabhairt do mhúinteoirí staire leis an údar féin!
Is féidir clárú anseo agus seolfar nasc zúm go dtí gach múinteoir ar an 13 Bealtaine.
Breis eolais ó aoife@cogg.ie
- Éire á Múnlú
- Stair na hArdteistiméireachta
- Leabhar le Topaicí 2 agus 3 – aistriúchán ar The Making of Ireland.
- Ar fáil sna siopaí leabhar agus ó dhíoltóirí leabhar.
- www.educate.ie
- Aistear Ama 2
- Stair don Dara Bliain T1, ag leanúint ar aghaidh leis an tSraith, Aistear Ama
- Téacsleabhar Staire nuascríofa ag Edel Ní Loingsigh agus Stiofáin Ó hIfearnáin. Reáchtálfar ceardlann ar líne do mhúinteoirí Staire ar na téacsleabhair seo Déardaoin 16 Bealtaine ar 7.i.n. Cláraigh anseo.
- Ar fáil sna siopaí leabhar agus ó dhíoltóirí leabhar do scoilbhliain 2024/25.
- Aistear Ama 1 – fós ar fáil saor in aisce do scoileanna, ach rphost a chur chuig eolas@cogg.ie.
- Binneas Ceoil! B
- Aistriúchán ar théacsleabhar Béarla, ar fáil do scoilbhliain 2024/2025 ó www.edco.ie
- À La Une
- Cúrsa Iomlán do Fhraincis na hArdteiste, leagan digiteach agus clóite ar fáil do scoilbhliain 2024/2025 ó www.educate.ie
- D’fhoilsigh COGG pacáiste nua Gairmeacha anuraidh, Deiseanna Gairmeacha le Gaeilge, a sheol Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Siocháin, ag Options West sa Ghaillimh ag deireadh mhí Mheán Fómhair. Tá an acmhainn seo dírithe go príomha ar iar-bhunscoileanna Gaeltachta/Gaelcholáistí. Reáchtáladh ceardlanna treorach i gcomhar le Careers Portal (saoloibre.ie) do mhúinteoirí i gcaitheamh na bliana chun an acmhainn seo, agus acmhainní treorach eile, a thaispeáint dóibh.
- Táimid ag obair ar leagan nua uasdátaithe den phacáiste anois agus má tá sibh ar an eolas faoi aon chúrsa nua in aon Ollscoil/Institiúid nó faoi aon deis nua eile i réimse na nGairmeacha le Gaeilge nach bhfuil luaite againn, bheimis an- sásta cloisint uaibh. D’fháilteoimis go mór roimh aon aiseolas atá agaibh nó aon mholtaí atá agaibh don chéad leagan eile idir seo agus lár mhí an Aibreáin.
- Mar eolas chomh maith, seoladh an leagan Béarla den phacáiste seo ag comhdháil an IGC (Institute of Guidance Counsellors) i dTrá Lí níos luaithe an mhí seo agus scaipfear é sin trí chraobhacha réigiúnda an IGC gan mhoill. Gheobhaidh sibh ceangailte leis seo naisc go dtí na leaganacha leictreonacha den phacáiste (leaganacha Gaeilge agus Béarla).
- Is féidir teagmháil a dhéanamh le aoife@cogg.ie aon uair agus bheimis an-bhuíoch daoibh ach an rphost seo a scaipeadh ar éinne ábhartha eile.
- Is féidir teacht ar leaganacha crua den phacáiste ach ríomhphost a chur chuig eolas@cogg.ie
- Iriseoirí an Lae Amárach: sprioclá deiridh dé hAoine 19.04.23
- Tá an sprioclá sroichte againn agus tréaslaímid leis na scoileanna atá tar éis iarratas a aighniú go dtí seo.
- Níl sé ró-dhéanach go fóill agus tuigim go mbraitear faoi bhrú de bharr imeachtaí eile Idirbhliana.
- Mar sin, táimid sásta síneadh ama a thairiscint do scoileanna atá cláraithe cheana féin linn go dtí dé hAoine 19.04.24.
- Ciallaíonn sé sin go mbeidh an tréimhse ama céanna ar fáil dóibh siúd atá tar éis iontráil a leagan isteach linn cheana chun snas a chur ar an iontráil más mian leo.
More information available here.
Bronnadh gradaim ar fhoghlaimeoirí BOO a bhain barr feabhais amach sa Ghaeilge ag ócáid náisiúnta do 16 Bhord Oideachais agus Oiliúna na hÉireann i bPáirc Thuamhan.
Rinne COGG urraíocht ar an sparánacht, lena n-áiríear tacaíocht airgid de 5000 Euro agus cúnamh garimiúil, agus bronnadh an sparánacht sin ar Aoibhinn Ní Craoibhínn ag an ócáid.
Bronnadh 500 Euro mar dhuais thánaisteach ar fhoghlaimeoir BOO Chorcaí Ameilia Ní Reen Ní Mhathúna. Léigh an preaseisiúint iomlán anseo.