Blaisín de Chúrsaí Ghaelchultúir ar Fáil Saor in Aisce an Déardaoin Seo

Rang Saor in Aisce ar Instagram

Cuirfear tús leis an gcéad sraith eile de na cúrsaí móréilimh seo an tseachtain seo chugainn agus tá cúpla spás fós ar fáil iontu. Mura bhfuil tú cinnte an bhfuil na cúrsaí seo feiliúnach duitse, is féidir páirt a ghlacadh i rang bunscileanna teanga beo ar Instagram Live Ghaelchultúir an Déardaoin beag seo, 20 Eanáir ar 7pm, le blaiseadh a fháil den chineál ábhair a mhúintear sna ranganna. Beidh an seisiún idirghníomhach spraíúil seo á theagasc ag Niamh Nic Leoid, múinteoir den chéad scoth a bhíonn ag múineadh ranganna Gaeilge ar líne linn. Bí linn ar Instagram Déardaoin nó cláraigh ar do rogha cúrsa ar ár suíomh gan mhoill. Mairfidh gach cúrsa deich seachtaine agus beidh rang dhá uair an chloig i gceist gach seachtain. Clárigh anseo.