An t-eagrán is deireanaí de ‘Cuaille’, iris Ghaeilge CLG, ar fáil anois.

Tá Cú agus Cuaille ar ais arís! Ar fáil anseo. San eagrán is deireanaí seo d’iris ar líne Ghaeilge Chumann Lúthchleas tá: Teachtaireacht ó Uachtarán Chumann Lúthchleas, Labhrás Mac Cárthaigh 2 x ‘Ár gCluichí, Ár Laochra’ Podchraoladh le Declan Hannon agus le Robbie McDaid Eolas faoin gcéad bhabhta eile de chiste deontais Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha Cluichí Ceannais na hÉireann 1999 le hagallaimh ó Mhaidhc Ó Méalóid agus ó Sheán Óg Ó hAilpín Crosfhocal Cuardach Focal 10 gCeist CLG Ort Na Contaetha agus go leor leor. Tá Cuaille feiliúnach dóibh siúd ar bheagán Gaeilge agus dóibh siúd a bhfuil Gaeilge líofa acu araon. Chomh maith leis sin, tá ailt ann atá feiliúnach do lucht bunscoile agus do lucht meánscoile.