Duaiseanna Chúnamh Éireann: An Domhan Seo Againne 2022

Is é ‘Folláine do Dhaoine agus don Phláinéad’ téama Dhuaiseanna Chúnamh Éireann: An Domhan Seo Againne, 2022 agus tugtar cuireadh do mhúinteoirí agus do dhaltaí bunscoile foghlaim faoi obair Chúnamh Éireann i mbreis is 130 tír chun cabhrú le dul chun cinn a dhéanamh ar na Spriocanna Domhanda um Fhorbairt Inbhuanaithe de chuid na Náisiún Aontaithe.

Tugtar na tacaíochtaí seo a leanas do mhúinteoirí agus do dhaltaí:

  • Acmhainní do leanaí, mar shampla an iris do dhaltaí a bhfuil an-tóir uirthi
  • Ceithre cinn de cheachtanna atá réidh le húsáid sa seomra ranga, atá nasctha leis an gcuraclam, agus ar féidir iad a chur in oiriúint don rang
  • Láithreán gréasáin atá éasca le húsáid, ar a bhfuil faisnéis agus gníomhaíochtaí eile

Iarrtar ar dhaltaí saothar (nó saothair!) a chur isteach do Gníomhaithe Spriocanna Domhanda, ár n‑irisí ar líne a bhíonn á scríobh ag leanaí do leanaí.  Iris ar líne is ea Gníomhaithe Spriocanna Domhanda atá dírithe ar leanaí agus atá cruthaithe ag leanaí agus tugann sé deis do dhaltaí a gcuid foghlama, a léargas, a gcruthaitheacht agus – an rud is tábhachtaí – a nglór a roinnt.

 

Féach Gníomhaithe Spriocanna Domhanda ó 2021 (Eagrán 1-3 agus an Bhliainiris) chun inspioráid agus smaointe a fháil: https://www.ourworldirishaidawards.ie/global-goal-getters/

Spriocdháta le go mbeidh seans ann go roghnófaí an saothar le haghaidh an chéad eagráin de Gníomhaithe Spriocanna Domhanda: Dé Luain, 7 Feabhra 2022

Spriocdháta deiridh: Dé hAoine, 8 Aibreán 2022

Tá tuilleadh sonraí maidir le saothair a chur isteach le fáil ar www.ourworldirishaidawards.ie