Cad é an AE? | An tAontas Eorpach | Topaicí | Na hInstitiúidí | Gníomhaíochtaí
Do Mhúinteoirí
EU4Schools a Úsáid
Sa rannán seo, gheobhaidh tú faisnéis agus acmhainní do mhúinteoirí ag úsáid EU4Schools. Tá an córas foghlama comhtháite tógtha timpeall trí ghné lárnacha.
- Aighneachtaí fíorúla a dhéanamh leis an AE agus tionscadail dhigiteacha le comhroinnt le piarghrúpaí. Is í an ghné phríomha anseo an ghné fíorshaoil de na tionscadail deiridh a spreagann abhcóideacht, saoránacht agus scileanna cumarsáide, agus úsáid na Meán Digiteach a spreagann litearthacht dhigiteach.
- Soláthraítear pointe tosaigh trí na topaicí. Pléitear topaicí éagsúla ag úsáid raon leathan nasc, físeán, íomhánna agus faisnéise a ndearnadh iad a roghnú agus a ullmhú go sainiúil i gcomhair EU4Schools
- Soláthraítear ábhar lárnach maidir leis an Aontas Eorpach i dtéacsanna a scríobhadh go sainiúil agus a spreagann idirghníomhaíocht le láithreáin Ghréasáin an AE le linn taithí a thabhairt d’fhoghlaimeoirí ar an gcóras casta atá san AE. Tá téacsanna scríofa leis an léitheoir a ghlacadh ó bhunfhaisnéis chuig ábhair níos mionsonraithe agus níos deacra – is faoin bhfoghlaimeoir cé chomh ‘domhain’ a rachaidh sé/sí.
Tá EU4Schools deartha lena úsáid ag múinteoirí agus daltaí ag obair le chéile, rud a éascóidh comhar i measc na ndaltaí agus a chruthóidh torthaí fíorshaoil.
Foghlaim trí Dhúshlán (FTD)
Is ionann FTD agus bealach nua teagaisc agus foghlama, ní amháin go bhfuil fíricí i gceist, ach conas iad a úsáid freisin. Tá coincheap sonraithe ag teacht chun cinn, cé go n-athraítear an t-ainm arís is arís eile. Ar dtús, ba é ‘Tóraíocht’ an t-ainm, agus ‘Cuardaigh’ ina dhiaidh sin agus Foghlaim trí Dhúshlán faoi láthair, ach tá na bunchoincheapa cosúil le chéile.
An Teoiric
Tagann an teoiric as aithint go bhfuil riachtanais foghlaimeoirí ag athrú agus, go deimhin, déanfar na tacair scileanna a theastóidh ó dhuine ar mhaithe le dul chun cinn sa saol, le haghaidh lánsástacht pearsanta agus infhostaitheachta araon, a dhíriú tuilleadh ar chruthaitheacht agus ar nuálaíocht in ionad ról traidisiúnta stairiúil an oideachais maidir le fíricí amháin a thabhairt. Bhí claonadh ann luathábhair ríomhfhoghlama a bhunú ar mhúnlaí gnó agus oiliúna corparáidí, le han-bhéim ar thascanna críochta comhlánaithe ina bhfuil tástáil ionsuite. I gcoitinne, ba ghnáth le hábhair a bhí dírithe ar an oideachas tuilleadh scáileán a chur isteach in ionad páipéir. Go bunúsach, chuir sé seo cráphian súl leis an bhfadhb.
Sainmhíníonn Richard Close ón Global Learning Framework gurb é atá i bhfoghlaim chuardaigh ‘fadhbanna a shainiú, coigeartuithe a aimsiú agus a dhéanamh, glacadh leo siúd; agus comhoibriú agus comhroinnt’.
Is é seo a leanas an cur síos ón bPáipéar Ban a dhéanann Apple; “Tosaíonn an próiseas um fhoghlaim trí dhúshlán le smaoineamh mór agus téann sé go gasta chuig na nithe seo a leanas: ceist bhunriachtanach, dúshlán, ceisteanna treoracha, gníomhaíochtaí, agus acmhainní, réiteach, cur chun feidhme, measúnú, machnamh, meastóireacht agus foilsiú’.
Is é an bunchoincheap FTD tuilleadh cruthaitheachta agus féintreorach i bhfoghlaim a éascú, agus raon ‘freagraí’ nó réiteach a d’fhéadfadh a bheith ann a ligean. Baineann sí leas as meáin dhigiteacha chun torthaí cruthaitheacha a fhoráil mar aon le comhroinnt piar-le-piar torthaí a éascú. Tugann sé seo isteach sa seol seo í agus tá an buntáiste praiticiúil aici spreagadh breise a chruthú, ós rud é gur mian le rannpháirtithe a n-obair is fearr a thaispeáint dá chéile.
© Camilla Fanning 2012
Acmhainní i gcomhair Úsáid Múinteoirí
Sna leathanaigh agus leathanaigh acmhainní de chuid EU4Schools tá roghnú leathan íomhánna atá saor ó chóipcheart chun críche oideachais.
Is as láithreán Gréasáin sheirbhís Chlosamhairc Europa an-chuid díobh agus tá naisc leis an láithreán ann freisin.
Is féidir go ndearnadh roinnt de na híomhánna nó gur glacadh iad go sonrach le haghaidh EU4Schools ar mhaithe le d’úsáid i dtionscadail daltaí.
D’fhéadfá tosú leis na híomhánna sin ar láithreán Gréasáin EU4Schools agus, ina dhiaidh sin, na naisc a leanúint d’fhonn cuardach ar thuilleadh ábhar le húsáid i mbainc íomhánna an AE.
I dteannta ábhar daltaí (líníochtaí, léaráidí agus grianghraif dá gcuid féin), soláthraíonn sé seo taisce shaibhir amhábhar maidir leis an gcruthú tionscadal scéalaíochta digití ina n-úsáidtear teicnící simplí físe agus beochana.
Is liosta é seo d’acmhainní digiteacha teagaisc i dteannta eolas cúlra maidir leis an dóigh ar féidir iad a úsáid le EU4Schools sa seomra ranga chun tacú le FTD agus cruthú tionscadal comhroinnte piaraí. Is láithreáin Ghréasáin iad seo lasmuigh de EU4Schools agus, mar sin de, tá na gnáthshéantaí i bhfeidhm.
Is acmhainní iad an chuid is mó díobh a chuirtear ar fáil saor in aisce le haghaidh úsáid scoile.
Ginearálta
Liosta acmhainní Gréasáin an NCTE
Scoileanna Digiteacha
Féach anseo le haghaidh taispeántais mhaithe ar líne ‘conas a dhéantar’ maidir le huirlisí digiteacha
https://sites.google.com/a/pdst.ie/curriculum-and-ict-primary/home/creating-digital-content
Físeáin ghinearálta ‘conas é a dhéanamh’ le haghaidh uirlisí digiteacha
Físeán
Déan físeán
Le deighleáin a ghlacadh ó fhíseáin YouTube
Le YouTube a Íoslódáil (is féidir ríomhphost a chur, é a sheoladh trí ríomhphost agus é a oscailt chun amharc air, más gá)
Blaine Movie Making Blog – foinse an-chuidiúil comhairle agus íoslódálacha
http://movies.blainesville.com/#uds-search-results
Láithreán Gréasáin ‘déan físeán’ – áis shaor in aisce
Tiontairí físeáin saora in aisce
Windows, Freemake Video Converter
Mac, Handbrake
Íomhá
Inkscape (uirlis grafaicí & líníochta)
Leabharlann grianghraf Scoilnet – saor in aisce d’úsáid oideachais
Íomhánna atá saor ó chóipcheart
Íomhánna Saora in Aisce (úsáideach do mhíreanna agus d’íomhánna léiriúcháin; bí cúramach gan dul chuig a n-urraitheoir, Shutterstock, ar an mbosca cuardaigh mar nach bhfuil siad saor in aisce)
Aimsíonn sé deilbhíní d’úsáid ghinearálta
Uirlis ar líne shaor in aisce maidir le conas graif a dhéanamh
http://www.science.ie/science-news/create-a-graph.html
Make a map freeware
http://www.arcgis.com/home/webmap/viewer.html
Fuaim
Conas podchraoladh a dhéanamh
http://www.commoncraft.com/video/podcasting
Éifeachtaí fuaime saora in aisce
http://www.freesoundeffectsandloops.com/
Rianta ceoil saora in aisce
I gcomhair scóir cheoil a chumadh i do láithreáin Ghréasáin
Scríbhneoireacht
Tiontaíonn sé Pdfanna go leabhar fillte digiteach; dóigh dheas chun punann a thaispeáint; is féidir an toradh a fhoilsiú agus a chomhroinnt
Láithreán blaganna do scoileanna – tá an bunleibhéal saor in aisce – iontach sábháilte
Ceap blag chomhroinnte – suas le 60 úsáideoir
Tiontaire Comhad – Pdf go word nó word go Pdf etc. Feidhmíonn sé go hiontach
Live Binders – néalstóráil
Scríbhneoireacht chomhoibríoch – Néal comhroinnte
Beochan
Déan beochan ghairid go leabhar scéalta
Uirlis bheochana Monkey Jam
http://eleventoolsfrommalta.wikispaces.com/Monkey+Jam+%28Animation+Software%29
Bogearraí veicteora 3T Saora in aisce Blender – pas beag casta
An Anime –bogearraí proifisiúnta, gan a bheith saor in aisce
Cluichí a Dhéanamh
Déanamh Quizeanna Edmodo
http://www.crazyteacherlady.com/7/post/2011/11/edmodo-quizzes.html
Saotharlann cluichí KODU – bogearraí le cluichí a dhéanamh
Hot Potatoes – déan quizeanna agus puzail
Ríomhchlárú
Ríomhchlárú – ar nós Lego – is féidir d’íomhánna féin a úsáid freisin
MIT App inventor –glacfaidh sé do sheoladh ríomhphoist – leagan béite
Paca Ranga chun cabhrú leat tosú: Déan Leabhar Fillte Digiteach le do Smaointe a Chur i Láthair
Féach anseo le haghaidh paca ranga tosaigh – tionscadal scríbhneoireachta foilsithe mar leabhar fillte ar líne lena chomhroinnt – nó d’fhéadfadh sé a bheith ina bheochan.
Téama Molta: – Dramhaíl FRC – Diúscairt Feithiclí a bhfuil a Ré Caite
Ar dtús – sonraigh an fhadhb – d’fhéadfadh seisiún ransaithe smaointe a bheith anseo.
D’fhéadfadh ceisteanna leide iad seo a leanas a fholú –
- Cad é a tharlaíonn do sheancharranna?
- An bhfaca aon duine dumpa carranna riamh?
- Cé na fadhbanna a d’fhéadfadh a bheith ann le seancharranna?
- Cé na hábhair atá iontu, dar leat?
- Cé faoi atá réiteach na faidhbe?
- Cé na rialacha agus na dlíthe atá ann?
Cuir an rang i ngrúpaí, i bhfoirne, nó i mbeirteanna.
Féadann gach grúpa anois roinnt taighde a dhéanamh ar na ceisteanna sin – caith súil ar an Ábhar um Thruailliú ar EU4Schools le haghaidh roinnt faisnéise agus acmhainní taighde.
Ba cheart do na grúpaí taifid áirithe faoina bhfaigheann siad – nótaí agus íomhánna le húsáid ina gcur i láthair deiridh.
Iarr ar na grúpaí féachaint ar chuid de na réitigh atá á moladh – athchúrsáil, dearadh Dramhaíola Nialasaí agus eile – bain úsáid as na topaicí in EU4Schools sa chéad dul amach, féadann siad féachaint orthu ar bhealach níos mionsonraithe trí na naisc a chuirtear ar fáil a leanúint (tóraíocht ghréasáin).
Arís, ba cheart dóibh taifid a choinneáil faoina bhfaigheann siad, mar aon le haon dea-smaointe a fheiceann siad.
Tá na hamhshonraí go léir atá ag teastáil uathu anois lena moladh – eolasach – féin a dhéanamh maidir le conas déileáil leis an dramhaíl ó sheancharranna.
Iarr ar na grúpaí na réitigh a cheapann siad gur réitigh mhaithe iad a mholadh.
Ba cheart dóibh anois roghnú íomhánna agus grianghraf a bheith acu a fuaireadar ar EU4Schools agus a fhéadann siad a úsáid agus d’fhéadfaí go bhfuil a gcuid grianghraf nó líníochtaí agus léaráidí acu a rinneadar iad féin. Is féidir iad seo go léir agus téacs a chur le chéile chun cur i láthair faoin bhfadhb agus faoin réiteach a mholann siad a dhéanamh.
Ní mór an t-ábhar a chur in ord tosaíochta agus a chur in eagar chun argóint shoiléir a dhéanamh
Is féidir na smaointe a fhoilsiú i raon dóigheanna. Féidearthacht amháin is ea uirlis ar líne a úsáid lena gcuid oibre a thiontú go leabhar Fillte Digiteach. Tá an chuid is mó díobh saor in aisce d’úsáid oideachais.