
SEISIÚN EOLAIS AR LÍNE – LUAN 10 BEALTAINE – CLÁRAIGH ANSEO.
Tá an Dioplóma Gairmiúil i gCeannaireacht Scoile (DGCS) dírithe ar dhaoine a bhfuil sé d’uaillmhian acu a bheith ina gceannairí scoile. Cuireadh an clár le chéile chun aghaidh a thabhairt ar an acmhainn cheannaireachta a fhorbairt de réir mar a leag an Roinn Oideachais agus Scileanna amach sa bhliain 2016. Dearadh an clár chun tacú le rannpháirtithe dul chun cinn a dhéanamh ina ngairm trí bhíthin réimse éagsúil taithí foghlama lena n-áirítear:
• Léachtaí: a bheidh á dtabhairt ag léachtóirí mór le rá le hoideachas chomh maith le
foireann de theagascóirí gairmiúla éagsúla
• Meascán maith d’fhoghlaim acadúil agus phraiticiúil lena n-áirítear cuairteanna
ceannaireachta ar scoil nach í scoil an rannpháirtí féin í agus i suíomh nach suíomh
oideachais é.
• Páirt a ghlacadh ar bhonn solúbtha i bhforbairt ghairmiúil a bheidh á seachadadh ar
líne agus in ionaid réigiúnacha ar fud na tíre.
Tá an clár á bhainistiú agus á chomhordú ag Scoil an Oideachais agus Roinn an Léinn
Iarchéime & Ghairmiúil, Ollscoil Luimnigh.