Dianchúrsa Gaeilge do mhúinteoirí in iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge – Gach Lúnasa
- Ar mhaith leat feabhas a chur ar do chuid gramadaí?
- Ar mhaith leat bheith níos líofa sa rang?
- Ar mhaith leat mioneolas faoi théarmaíocht ábhair?
- Ar mhaith leat cuidiú a fháil le nótaí/tuairiscí a scríobh nó le labhairt le tuismitheoirí?
Seo an cúrsa duit!
Beidh Dianchúrsa Gaeilge COGG do mhúinteoirí na n-iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge ar siúl arís i mbliana beo ar líne ón 17-21 Lúnasa. Tuilleadh eolais anseo. Is féidir clárú tríd an nasc seo http://bit.ly/Dianchúrsa2020