Dhá leabhar nua foilsithe ag an nGúm

Tá dhá leabhar nua don aos óg díreach foilsithe ag an nGúm agus Foras na Gaeilge. Cliceáil anseo chun iad a ordú.

I Lár na Coille
Éamonn Ó Ruanaí
Martin Fagan a mhaisigh
Séideán Sí: Úrscéal nua – Rang 3-6
Níor thaitin an choill dhorcha le Siobhán ó bhí sí ina cailín an-óg. Bhí rud éigin aisteach ag baint leis an áit. Ach ní mór do Shiobhán aghaidh a thabhairt ar an gcoill chun cuidiú le cat atá gortaithe. Cá bhfios céard atá roimpi ag bun an chosáin chasta i lár na coille … Beagán draíochta b’fhéidir?


Clíona agus an Cluiche Peile
Úna Leavy
Kieron Black a mhaisigh

Is í an pheil is gaire do chroí Chlíona. Ba chuma léi ócáid ar bith a chailleadh ach a bheith in ann imirt sa chluiche craoibhe. Ach an bhfaighidh sí áit ar an bhfoireann?