Daoine Cáiliúla


Cad é an AE? | An tAontas Eorpach | Topaicí | Na hInstitiúidí | Gníomhaíochtaí |

Féach anseo le haghaidh aghaidheanna cáiliúla ó stair an AE agus ó AE an lae inniu. Lean na naisc chuig leathanaigh bhaile ar mhaithe le cuid mhór acu.

Feach anseo

 

Donald TuskDonald Tusk

Is é Donald Tusk  Uachtarán na Comhairle Eorpaí go dtí an bhliain 2017. Toghadh in 2014 é.

Féach anseo le haghaidh naisc lena leathanach baile.

 

Federica MogheriniVisit of Federica Mogherini, Vice-President of the EC, to Indonesia

Is í Federica Mogherini  Ardionadaí an Aontais Eorpaigh do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála go dtí 2019.

Tá sí ina ceannasaí den tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus ina Leas-Uachtarán den Choimisiún Eorpach.

Féach anseo le haghaidh tuilleadh faisnéise maidir le Federica Mogherini agus leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí.

 

Martin SchultzSchultz

Ceapadh Martin Schulz Uachtarán Pharlaimint na hEorpa ar an 1 Iúil 2014.

Rugadh sa Ghearmáin in 1955 é.

Go luath ina shaol, d’oibrigh sé mar dhíoltóir leabhar agus bhí a siopa leabhar féin aige a reáchtáil sé ar feadh 12 bhliain.

Rinneadh Méara Wurselen de in 1987 go dtí 1998 agus, ón mbliain 1994 ar aghaidh, bhí sé ina bhall de Pharlaimint na hEorpa agus de Ghrúpa an Pháirtí Shóisialaigh.

Jean-Claude JunkerJean-Claude Juncker

Is é an tUachtarán Jean-Claude Junker Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh go dtí 2017.

Féach anseo le haghaidh naisc lena leathanach baile.

 

 

 

Uachtarán Herman v RompeuyVan_Rompeuy

Bhí  Herman Van Rompuy mar Uachtarán  na Comhairle Eorpaí idir 2009 agus 2014.

Rugadh sa Bhruiséil in 1947 é.  Féach thíos le haghaidh samplaí dá chuid filíochta, naisc agus físeáin a fháil.

Féach anseo le haghaidh a bheathaisnéis a fheiceáil

 

Féach thíos le haghaidh Von Rompuy a fheiceáil agus a chuid filíochta á léamh aige ag na Náisiúin Aontaithe (tá sé ag an deireadh)

Herman Van Rompuy, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, i Nua-Eabhrac/UNGA 2011: Ag comórtas Haiku Scoil Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe
Féach thíos le haghaidh rogha dá chuid dánta Haiku

Beneath my Wheels

Beneath my wheels
the first leaves are cracking
comes the autumn wind

NEW YEAR

Silence and joy
From Christmas to New Year
Hoping also for hope.

JAPAN

The three disasters.
Storms turn into a soft wind.
A new, humane wind.

AFTER A LONG DAY OF WORK

The harvest is reaped,
trees are shaking off the leaves.
Evening is near.

EUROPE’S DAY

A corona of stars
Rolling over the deep blue sea
Together forever

In Dutch

Zonlicht

De Dordognse zon
Bonkt, blakert, koestert en maakt
De dagen trager

Kortstondig

Plots ploft de regen
neer en ineens is het stil.
Een kort levensschot.

Een jongetje zwaait
Naar starende schapen maar
Geen enkel zwaait weer.

Geroezemoes van
vogels in de volle kruin.
Ondoordringbaar groen.

Europa

Een krans van sterren
deinend op de blauwe zee
samen voor altijd

Catherine Ashtonimg_ashton6

Is í Banbharún Catherine Ashton Ardionadaí an Aontais Eorpaigh do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála go dtí 2014.

Tá sí ina ceannasaí den tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus ina Leas-Uachtarán den Choimisiún Eorpach.

Féach anseo le haghaidh tuilleadh faisnéise maidir le Catherine Ashtonagus leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí.

José Manuel Barrosobarrosso

Is é an tUachtarán José Manuel Barroso Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh go dtí 2014.

Tá sé ina Uachtarán an-ghníomhach ar an gCoimisiún agus tá an-tionchar aige.

Féach anseo le haghaidh naisc lena leathanach baile.

Martin SchultzSchultz

Ceapadh Martin Schulz Uachtarán Pharlaimint na hEorpa ar an 17 Eanáir 2012 go dtí 2014.

Rugadh sa Ghearmáin in 1955 é.

Go luath ina shaol, d’oibrigh sé mar dhíoltóir leabhar agus bhí a siopa leabhar féin aige a reáchtáil sé ar feadh 12 bhliain.

Rinneadh Méara Wurselen de in 1987 go dtí 1998 agus, ón mbliain 1994 ar aghaidh, bhí sé ina bhall de Pharlaimint na hEorpa agus de Ghrúpa an Pháirtí Shóisialaigh.

Jerzy BuzekJerzyBuzek

Ba é Jerzy Buzek Uachtarán Pharlaimint na hEorpa ó 2009 go dtí an 17 Eanáir 2012.

Féach anseo le haghaidh a leathanaigh bhaile

Tá sé ar an gcéad Pholannach a bheith mar Uachtarán Pharlaimint na hEorpa. Bhí sé ina FPE idir 2004 agus 2009, agus Príomh-Aire na Polainne ba ea é in 1997. Rinne sé staidéar ar eolaíocht sular bhain sé a Dhochtúireacht amach in 1969.

Romano ProdiP010338001

Bhí Romano Prodi mar Uachtarán an Choimisiúin idir 1999 agus 2004.

Polaiteoir Iodálach a bhí ann, rinneadh Príomh-Aire na hIodáile de faoi dhó agus bhí sé ina Ollamh um Beartas Tionsclaíoch in Bologna in 1971.

 

Jean MonnetP002709057B

Meastar gurb é Jean Monnet an duine a thosaigh smaoineamh an AE i dteannta Robert Schuman in 1950.

Ba státseirbhíseach gairme Francach é agus bhí an bunphlean maidir leis na tionscail ghuail agus chruach san Eoraip ina smaoineamh féin.

Féach anseo le haghaidh tuilleadh faisnéise

Robert SchumanP0027630001

Cuirtear i leith Robert Schuman, mar aon le Jean Monnet, gur bhunaíodar an AE.

Ba pholaiteoir Francach as Lorraine é, ar ceantar den Fhrainc é atá cóngarach do theorainn na Gearmáine, agus ar ábhar díospóide críocha é go minic.

In 1950, d’fhoilsigh sé Dearbhú Schuman ar an 9 Bealtaine inar leag sé amach na pleananna maidir le tionscail ghuail agus chruach na hEorpa a chomhcheangal. Tugadh Plean Schuman air seo.

Féach ANSEO le haghaidh théacs iomlán Dhearbhú Schuman 1950

Déantar Lá na hEorpa a chomóradh ar an 9 Bealtaine gach bliain.