
Chuir COGG ranganna Gaeilge ar fáil ar líne do mhúinteoirí an bhliain seo caite i gcomhar le Gaelchultúr, don chéad uair. Tógann na ranganna seo ar an obair a dhéantar le linn an dianchúrsa COGG i mí Lúnasa chun tacú le múinteoirí atá ag múineadh trí Ghaeilge.
Tá na ranganna céanna á gcur ar fáil againn arís i mbliana ag tosú ar na dátaí thíosluaite. Saor in aisce ach éarlais €50 a íoc.*
Is cúrsa deich seachtaine é an cúrsa Gaeilge seo atá oiriúnach do mhúinteoirí iar-bhunscoile sna Gaelcholáistí agus sna scoileanna Gaeltachta. Is é sprioc an chúrsa cabhrú leis na rannpháirtithe Gaeilge atá cruinn ó thaobh na gramadaí de agus an stór focal riachtanach a fhoghlaim. Tá an cúrsa Gaeilge á chur ar fáil i gcomhar le Gaelchultúr agus roinnfear do chuid sonraí clárúcháin le COGG.
*Má fhreastalaíonn tú ar 8 rang nó níos mó, gheobhaidh tú aisíocaíocht €50.
Tá na ranganna á soláthar ag leibhéil éagsúla chun tacú le múinteoirí an leibhéal is oiriúnaí dóibh a aimsiú. Tuigeann COGG go rí-mhaith an ghéarchéim atá ann maidir le hearcú múinteoirí, go háirithe múinteoirí a bhfuil ardchaighdeán acu sa Ghaeilge.
Seo a leanas na mionsonraí agus an nasc clárúcháin a bhaineann leis na ranganna (faoi stiúir Ghaelchultúir) ach is féidir teagmháil a dhéanamh le hoifig COGG ag eolas@cogg.ie ag am ar bith má tá aon cheist agat ina leith.
1. Cuirfear tús leis na cúrsaí an tseachtain dar tús an 2 Deireadh Fómhair 2023.
2. Cúrsa deich seachtaine agus rang dhá uair an chloig gach seachtain a bheidh i gceist.
3. Beidh sos lár-téarma ann (30/10/23 go 3/11/23).
4. Beidh ranganna deireanacha na gcúrsaí ar siúl an tseachtain dar tús an 4 Nollaig 2023.
5. Beidh uasmhéid de 18 rannpháirtí per leibhéal agus íosmhéid de 6 rannpháirtithe.
6. Beidh €100 le híoc ag múinteoirí ach má fhreastalaíonn siad ar 8 rang nó níos mó, gheobhaidh siad aisíocaíocht €50.
Múinteoirí
· Bunrang 2 (A2) Dé Máirt 3 Deireadh Fómhair, 7-9pm Ar líne (zoom)
· Meánrang 1 (B1) Dé Máirt 3 Deireadh Fómhair, 7-9pm Ar líne (zoom)
· Meánrang 2 (B2) Dé Céadaoin 4 Deireadh Fómhair, 7-9pm Ar líne (zoom)
· Ardrang 1 (C1) Dé Céadaoin 4 Deireadh Fómhair, 7-9pm Ar líne (zoom)
Nasc: https://www.gaelchultur.com/ga/cursai/cursa-cogg
Breis eolais faoi nádúr na ranganna:
Tá siollabais, nótaí, bileoga agus acmhainní ar líne d’fhoghlaimeoirí fásta na Gaeilge forbartha ag Gaelchultúr le hocht mbliana déag ar ardchaighdeán. Bíonn na cúrsaí ar fad a mhúineann Gaelchultúr foghlaimeoirlárnach agus úsáidtear an cur chuige cumarsáideach i gcónaí. Múintear teanga atá úsáideach agus praiticiúil agus cuirtear béim ar rannpháirtíocht agus ar an ngné shóisialta den teanga. Tá Gaelchultúr den tuairim gur cheart go mbeadh spraoi ag baint le foghlaim na Gaeilge agus go mbeadh an-sásamh le baint as an bpróiseas. Múintear gramadach na Gaeilge ar bhealach atá an-idirghníomhach. Bíonn béim láidir ar obair bheirte agus ghrúpa, ar ghníomhaíochtaí rólghlactha agus ar chluichí teanga i ranganna Ghaelchultúir. Tugtar deis do na foghlaimeoirí páirt lárnach agus ghníomhach a ghlacadh i ngach rang, seachas an múinteoir a bheith i mbun na cainte go léir. Tugtar teastas tinrimh do na rannpháirtithe ag deireadh an chúrsa.