

Ba mhaith le COGG ár mbuíochas a ghabháil libh as clárú lenár suíomh nua, Corpoideachas trí Ghaeilge. Mar chomhartha buíochais, tá áthas orainn comórtas a fhógairt ina mbeidh deis ag deich scoil dearbhán €1,000 ó McSport a bhuachan le trealamh corpoideachais a cheannach!
Tá póstaer an chomórtais iniata anseo, agus tá na téarmaí agus coinníollacha ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge anseo.
Tá suirbhé beag, aoncheist curtha san áireamh sa ríomhphost seo fosta, agus bheimis fíorbhuíoch dá dtiocfadh libh é a líonadh: https://forms.office.com/e/ZdqkKUzt6a.
Má tá aon cheist agaibh faoin chomórtas, ná bíodh imní oraibh teagmháil dhíreach a dhéanamh le caitlin@cogg.ie. Go raibh míle maith agaibh arís as bhur dtacaíocht, agus go n-éirí libh sa chomórtas!