Comhar Óg


Iris liteartha agus ealaíne don aos óg é COMHARÓg. Saothair le daltaí iarbhunscoile atá le léamh san iris shnasta lándaite seo. Foilsíodh seacht n-eagrán go dtí seo agus foilseofar an chéad eagrán eile roimh dheireadh na scoilbhliana 2016–17. Cuirtear eagráin Comhar Óg ar fáil ar an suíomh seo go tráthrialta freisin i bhfoirm PDF, tamall tar éis don leagan clóite a bheith ar fáil.
Is í an scríbhneoir Áine Ní Ghlinn eagarthóir na hirise agus cuireann sí fáilte roimh ábhar don chéad eagrán eile — idir ghearrscéalta, ailt, dhánta, dhrámaí, chartúin, léirmheasanna, splancscéalta nó scríbhneoireacht de shaghas ar bith — ach é a sheoladh chuig [email protected]. Luaitear ainm, rang agus scoil le gach saothar. Bígí ag scríobh!

Comhar Óg

Comhar Óg