Cad é an AE? | An tAontas Eorpach | Topaicí | Na hInstitiúidí | Gníomhaíochtaí |
Comhairle an Aontais Eorpaigh
Tá Comhairle an Aontais Eorpaigh ar cheann de na hinstitiúidí is tábhachtaí den AE. Is é seo an áit mar a gcuirtear ar siúl an chuid is mó den idirbheartaíocht agus den díospóireacht faoi rudaí a dhéanfaidh an AE. Tá Comhairle an Aontais Eorpaigh comhdhéanta d’Airí na rialtas de gach ballstát an AE.
Glacann tíortha an AE Uachtaránacht an Aontais orthu féin i sealanna agus tugtar ‘uachtaránacht rothlach an Aontais Eorpaigh’ ar an gcóras sealaíochta sin. Tá córas casta vótála ann chun cinntí a dhéanamh. Tagann ionadaithe na dtíortha le chéile i bhfoirgneamh sa Bhruiséil.
Obair na Comhairle an Aontais Eorpaigh
Is é seo an áit mar a gcuirtear ar siúl an chuid is mó den idirbheartaíocht agus den díospóireacht faoi rudaí a dhéanfaidh an AE. Tá Comhairle an Aontais Eorpaigh comhdhéanta d’Airí an rialtais de gach ballstát an AE (mar shampla, airí talmhaíochta nó airí iompair).
Féach anseo le haghaidh naisc le leathanach baile Chomhairle an Aontais Eorpaigh
De ghnáth, nuair a thagann Comhairle an Aontais Eorpaigh le chéile, pléann sí réimse ar leith beartais – mar shampla, cruinniú faoi thalmhaíocht san AE ar fad, nó faoi iompar nó faoin gcomhshaol a chosaint. Ní mór do na hairí éagsúla idirbheartú thar ceann a dtíre féin. Tá a leasanna agus a dtosaíochtaí féin ag gach aire acu. Tá an-chuid plé agus argóna ann.
Comhghuaillíochtaí i gComhairle an Aontais Eorpaigh
I gcoitinne, comhoibreoidh grúpaí ballstát a bhfuil na leasanna céanna acu le chéile. Mar shampla, oibreoidh na tíortha sin ina bhfuil a lán feirmeoirí le chéile ar shaincheisteanna talmhaíochta.
CRAOLADH GRÉASÁIN an Aontais Eorpaigh
Amharc ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh go beo ar Chraoladh Gréasáin anseo. Tugann an nasc seo thú chuig láithreán Gréasáin Consilium chun craoladh beo a fheiceáil ó Sheomra na Comhairle. Féach anseo. Tá am sceidealta an chéad chraolta eile ar an leathanach. Mura bhfuil rud ar bith ag tarlú nuair a fhéachann tú ann, téigh ar ais ag an am ceart. Tá sé liostaithe mar ALE (CET) – is é sin Am Lár na hEorpa.
Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh
Níl uachtarán buan amháin ag Comhairle an Aontais Eorpaigh; ina áit sin, déanann tíortha uainíocht ar Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh a shealbhú ar feadh tréimhse sé mhí.
Tá a cuid tosaíochtaí féin ag gach Uachtaránacht
Nuair a dhéanann gach tír an AE uainíocht chun an Uachtaránacht a shealbhú, is minic a bhíonn smaoineamh ar leith acu atá siad ag iarraidh a chur chun cinn. Déanann siad é seo a fhógairt ag an tús agus feicfidh tú é ar a láithreáin Ghréasáin. Ní théann sé i gcónaí de réir mar a bhí leagtha amach, áfach.
Tosaíonn gach Uachtaránacht le plean ar a bpléifear agus ar a gcinnfear sna sé mhí. Ina ainneoin seo, áfach, is an-mhinic a tharlaíonn teagmhas gan coinne éigin agus tugtar tosaíocht dó. Ní mór don Aontas Eorpach plé leis na cúraimí láithreacha seo agus freagairt don rud a tharla.
An Róta um Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh
Socraítear an róta um an Uachtaránacht trí chomhaontú roimh ré. Tá an Róta ar fáil ar an gcéad leathanach eile.
An Fhoireann Trí Uachtaránacht
Chun trasdulta séimhe a éascú, oibríonn Uachtaránachtaí le chéile i rud ar a dtugtar an Fhoireann Trí Uachtaránacht.
Cinnteoireacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh
Tá dhá bhealach phríomha a dhéanann Comhairle an Aontais Eorpaigh cinneadh – trí Aontoilíocht nó trí Vótáil Tromlaigh
Maidir le roinnt cinntí, ní mór do gach duine teacht ar chomhaontú; tugtar ‘Aontoilíocht’ air seo. Sa chás seo, tá ‘crosadh’ ag gach tír, is é sin le rá, féadann siad diúltú agus cosc a chur ar na tíortha eile rud éigin nach maith leo a dhéanamh.
Uaireanta, is vótáil tromlaigh í – rud ar a dtugtar Vótáil Tromlaigh Cháilithe (VTC) i gComhairle an Aontais Eorpaigh. Baintear úsáid as seo i gcás ábhar agus beartas inar chomhaontaigh gach tír nach mbainfeadh siad úsáid as crosadh.
I gcás ina bhfuil rud éigin atá iontach deacair le cinneadh, ní fhéadfaí cinneadh a dhéanamh agus, sa chás sin, tarchuirtear an ‘fhadhb’ chuig an gComhairle Eorpach. Ní mór di í a réiteach!
Tá deich bhfoirmíocht de Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Déantar cathaoirleacht orthu siúd le cibé tír a shealbhaíonn Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh, ach amháin an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, ar a ndéanann Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála cathaoirleacht.
Is iad seo a leanas cuid de na grúpaí nó na Comhairlí is tábhachtaí.
An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
Éilítear plé agus cinnteoireacht ar cibé ábhair thábhachtacha.
An Chomhairle um Thalmhaíocht agus um Iascach
Is é seo cruinniú na nAirí Talmhaíochta go léir de thíortha an AE
Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Is é seo cruinniú na nAirí Airgeadais go léir de thíortha an AE. Tugtar EcoFin go gearr uirthi.
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Is é seo cruinniú na nAirí Gnóthaí Eachtracha go léir de thíortha an AE. Déanann Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (ar a dtugtar Aire Gnóthaí Eachtracha an AE air uaireanta) cathaoirleacht air.
Tacú le hobair Chomhairle an Aontais Eorpaigh
Tacaíonn roinnt eagraíochtaí le Comhairle an Aontais Eorpaigh arb ionann a n-obair agus cabhrú le cinnteoireacht an aire.
COREPER
Is é seo Coiste na mBuanionadaithe. Tá sé comhdhéanta d’fhoireann taidhleoireachta agus de státseirbhísigh ó thíortha an AE a bhíonn sa Bhruiséil go buan. Cabhraíonn siad lena n-airí nuair a bhíonn orthu freastal ar chruinnithe agus soláthraíonn siad faisnéis dóibh.
Grúpaí oibre & Coistí / Working Groups & Comms
Tá siad comhdhéanta de mheascán daoine, roinnt státseirbhíseach náisiúnta, roinnt oifigeach an choimisiúin agus saineolaithe éagsúla. Cabhraíonn siad le taighde a dhéanamh ar na saincheisteanna éagsúla agus faisnéis shaineolach a sholáthar do COREPER.
1Cá bhfuil sí?
Tagann an Chomhairle Eorpach le chéile sa Bhruiséil i bhFoirgneamh Justus Lipsius.
Seoladh: Foirgneamh Justus Lipsius, Rue de la Loi 175 B-1048 an Bhruiséil
Léarscáil – Féach anseo
Oscailt Fhoirgneamh Nua na Comhairle Eorpaí in 2014
Is é seo foirgneamh nua atá á thógáil ar son úsáid na Comhairle Eorpaí go háirithe. San fhoirgneamh, beidh trí halla comhdhála, deartha i gcomhair aistriú comhuaineach, oifig nua d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus oifig nua d’Uachtaránachtaí na Comhairle. Cíoradh cosaint an chomhshaoil freisin agus beidh grianphainéil agus fuinneoga athchúrsáilte athchóirithe ó áiteanna ar fud na hEorpa ag an bhfoirgneamh. Táthar ag súil go n-osclófar in 2014 é.
Tuilleadh faisnéise maidir le VTC
Tá VTC ar an gcineál vótála is mó tábhacht faoi láthair.
Ionas go rithfear cinneadh, ní mór dó tacaíocht a fháil ó 55% de thíortha an AE AGUS, ag an am céanna, ní mór gurb ionann é agus 65% de dhaonra iomlán an AE.
D’fhéadfaí an cinneadh a stopadh ach níor mhór ceithre thír ar a laghad a bheith ag gníomhú le chéile sa chás seo.
An Róta
Socraíodh ord an Róta le Cinneadh ón gComhairle in 2007.
2011 Eanáir go Meitheamh an Ungáir
2011 Iúil go Nollaig an Pholainn
2012 Eanáir go Meitheamh an Danmhairg
2012 Iúil go Nollaig an Chipir
2013 Eanáir go Meitheamh Éire
2013 Iúil go Nollaig an Liotuáin
2014 Eanáir go Meitheamh an Ghréig
2014 Iúil go Nollaig an Iodáil
2015 Eanáir go Meitheamh an Laitvia
2015 Iúil go Nollaig Lucsamburg
2016 Eanáir go Meitheamh an Ísiltír
2016 Iúil go Nollaig an tSlóvaic
2017 Eanáir go Meitheamh Málta
2017 Iúil go Nollaig an Ríocht Aontaithe
2018 Eanáir go Meitheamh an Eastóin
2018 Iúil go Nollaig an Bhulgáir
2019 Eanáir go Meitheamh an Ostair
2019 Iúil go Nollaig an Rómáin
2020 Eanáir go Meitheamh an Fhionlainn