Ceimic


Ar an leathanach seo tá acmhainní tacaíochta don mhúinteoir eolaíochta agus ceimice.
Má tá tú ar lorg leabhar faoi leith, téigh chuig Eolaire Áiseanna Teagaisc nó chuig Bunachar Áiseanna.

Físeáin Eolaíochta

Cabhróidh na físeáin ar an suíomh seo leat na rudaí eolaíocha is casta a thuiscint. Cuireann Aoibhinn Ní Shúilleabháin i láthair iad. Is áis luachmhar iad na 18 físeán seo do mhic léinn atá ag déanamh staidéir ar eolaíocht na Sraithe Sóisearaí. Agus is áis luachmhar iad freisin do mhúinteoirí atá ag múineadh fisice, ceimice agus bitheolaíochta as Gaeilge. Tá míniúchán simplí ar roinnt de na coincheapa is casta san eolaíocht – agus tá litriú na dtéarmaí Gaeilge le feiceáil go soiléir ar an scáileán freisin. Tá treoracha ar fáil do mhúinteoirí chun an leas is mó a bhaint as na físeáin. Féach ar an bhfíseán is mó ina bhfuil spéis agat anois – tús maith leath na hoibre.

Físeáin Eolaíochta

Réamhcheachtanna Ceimice: OÉ Gaillimh

Cuireann an tsraith seo bailiúcháin físeán ar fáil do theagascóirí eolaíochta a léirionn gnéithe suimiúla ar thopaicí éagsúla. Tá físeán ar leith leabaithe i ngach caibidil le léirthéacs míniúcháin, a thugann modheolaíocht, teoiric eolaíoch laistiar den mhír, agus treoir ar conas an mhír seo a chur i bhfeidhm mar réamhcheacht sa rang. Anuas air sin, tá ceisteanna, naisc thraschuaraclaim agus moltaí don litearthacht agus don uimhearthacht a bhaineann leis an topaic.
Le cabhair maoinithe ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an Tionscnamh Bright Ideas, agus ó COGG, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta, a chuirtear an tsraith seo ar fáil. Cuimsíonn an chéad tsraith seo 3 leabhar, (i nGaeilge agus i mBéarla) atá dírithe ar an tSraith Shóisearach go príomhdha, ach atá oiriúnach le húsáid ag léibhéal ar bith den oideachas eolaíochta.

Réamhcheachtanna Ceimice

PhET – Ionsamhlaithe Ceimice

PhET – Ionsamhlaithe Ceimice