
Tá ríméad ar theach foilsitheoireachta An tSnáthaid Mhór a fhógairt go bhfuil cearta shraith
Rita le Máire Zepf agus Andrew Whitson ceannaithe ag GRAFFEG Books sa Bhreatain Bheag.
Cheannaigh Graffeg Books na cearta leis na 6 leabhar sa tsraith a chur i gcló sa Ríocht
Aontaithe agus in Éirinn i mBreatnais agus i mBéarla araon.
‘Is iad na leabhair sa tsraith ná Rita agus an Róbat, Rita agus an tSióg Mhaith, Rita agus an
Dragún, Rita agus an Chailleach, Rita agus an Ninja agus Rita agus an Lampa Draíochta.
Cé hí Rita? Is cailín beag í le smaointe móra. Is splanc chruthaitheach í Rita ar toradh í ar an
chomhoibriú samhlaíoch idir an maisitheoir Andrew Whitson agus an scríbhneoir Máire Zepf.
Bhí sé mar aidhm ag an fhoireann chruthaitheach sin carachtar nua a chruthú, carachtar a
bheadh aitheanta ag páistí ar fud na tíre, le dearadh beoga agus pearsantacht láidir uathúil.
Bheadh sí so-aitheanta, spleodrach, tarraingteach, agus mar gheall ar an chinneadh sraith
leabhar a dhéanamh, bheadh sí i gcónaí i mbun eachtraí nua.
Tá cáil nach beag ar na leabhair seo do pháistí a fhoilsítear faoi bhranda ‘An tSnáthaid Mhór’,
comhlacht atá lonnaithe sa Chultúrlann, i gCeathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste, le 15 bliana
anuas. Tá ‘Children’s Book Award’ de chuid Chumann Litearthachta na hÉireann bainte ag an
tsraith agus tá an leabhar is déanaí sa tsraith, Rita agus an Lampa Draíochta, ainmnithe do
Ghradam Réics Carló 2021.
Is luachmhar amach an nasc idir An tSnáthaid Mhór agus Graffeg Books agus iad ag
comhoibriú le chéile le tamall de bhlianta anuas. Is forbairt mhór eile ar an chomhoibriú sin
an socrú leabhair Rita a fhoilsiú i mBreatnais agus i mBéarla. Tá An tSnáthaid Mhór thar a
bheith sásta páirtíocht a dhéanamh lena gcomhionann de chomhlacht neamhspleách
foilsitheoireachta a bhfuil sé mar thosaíocht acu leabhair d’ardchaighdeán a fhoilsiú agus is
ábhar breise sásaimh é go mbíonn aird ag Graffeg ar an fhoilsitheoireacht sa Bhreatnais féin.
Arsa Peter Gill, Stiúrthóir Bainistíochta Graffeg: ‘An margadh seo a thugann dúinn na cearta
ar leabhair Rita a aistriú go Béarla agus Gaeilge, is buaicphointe é sa chaidreamh gnó agus
cairdis atá á fhorbairt i rith an ama idir An tSnáthaid Mhór agus Graffeg. Eadrainn, d’fhoilsigh
muid 15 leabhar pictiúr do pháistí i sraith Molly, i nGaeilge, i mBreatnais agus i mBéarla agus
anois, foilseofar 18 leabhar i sraith Rita. Tharla sé sin uilig a bhuí leis an ghníomhaire James
Catchpole agus an t-údar Malachy Doyle, a thug le chéile muid chun Molly and the Stormy
Sea (Muireann agus an Fharraige Fhiáin) a fhoilsiú. Ar ndóigh, is maisitheoir agus foilsitheoir
an-chumasasch é Andrew agus cuireann sé lúcháir an domhain orainn bheith ag comhoibriú
le Andrew agus Malachy.’
Dúirt stiúrthóir An tSnáthaid Mhór, Andrew Whitson, gur “‘branda so-aitheanta” í Rita a
bhfuil lucht léitheoireachta dílis aici cheana agus gur theastaigh uaidh le tamall an baile ceart
oiriúnach a fháil don tsraith leabhar óna mbeifí ábalta scéal RITA a chraobhscaoileadh chuig
pobail léitheoireachta úra.
“Tá an-áthas orainn go bhfuil an baile sin faighte againn i dteach foilsitheoireachta Graffeg.
An nasc seo le Graffeg, tugann sé aitheantas don cheangal atá idir na teangacha Ceilteacha
agus don saibhriú a chuireann an comhoibriú le scéal na foilsitheoireachta.
“Tréaslaíonn muid a tallann ar leith leis an údar Máire Zepf, a scríobhann scéalta Rita le croí
mór agus le fuinneamh. Creidim gur tréimhse an-spéisiúil é seo i saol An tSnáthaid Mhór agus
táimid ar bís leis an doras nua seo a oscailt ar shraith Rita.”
Dúirt Caitríona Nic Sheáin, comhstiúrthóir an chomhlachta:
“Tá ríméad an domhain orainn go bhfuil muid tar éis na cearta a dhíol leis an fhoilsitheoir
Breatnaise, Graffeg. Is foilsitheoirí iad a bhfuil nasc againn leo le tamall. Bíonn muid ag
comhoibriú leo ar chomheagráin Ghaeilge den tsraith leabhar Muireann/Molly/Mali,
scríofa ag Malachy Doyle agus maisithe ag Andrew Whitson. Fágann sé sin go bhfuil
féidearthacht ann eachtraí Rita a scaipeadh, ar ardáin éagsúla, chuig pobail teanga eile. Tá
lucht leanúna dílis ag Rita i measc phobal óg na Gaeilge cheana féin – ach fan go bhfeicfidh
siad Rita nuair a thiocfaidh sí chun beatha sa Bhreathnais agus sa Bhéarla fosta!”
Dúirt Máire Zepf, údar na sraithe: “Tá mé ar bís faoin eachtra nua seo atá os comhair Rita
s’againne. B’ardú croí agus spreagadh chun oibre dúinn é an dáimh le Rita a léirigh páistí
anseo agus mar a ghlac siad na leabhair chucu féin. Ach is mór an rud anois smaoineamh go
mbeidh páistí i dteaghlaigh agus I scoileanna Breatnaise agus Béarla ag léamh faoi eachtraí
Rita chomh maith .”
Foilseofar an chéad dá leabhar i mBreatnais agus i mBéarla san fhómhar 2021. Sin iad ‘Mae
Rita eisiau Robot’ / ‘Rita wants a Robot’ agus ‘Mae Rita eisiau Gwrach’ / ‘Rita wants a Witch’.
Cuirfear na ceithre theideal eile i gcló i rith 2022.
Tuilleadh eolais: Caitríona Nic Sheáin ar [email protected]
[email protected]