
Ag tógáil ar dhianchúrsa Gaeilge COGG i mí Lúnasa na bliana seo agus ar mhaithe le cabhrú le hiar-bhunscoileanna T1 tacú le múinteoirí ábhar nua agus reatha, tá COGG ag tairiscint áiteanna ar chúrsaí Gaeilge 10 seachtaine, a bheidh á reáchtáil ag Gaelchultúr ar ár son. Díreoidh na cúrsaí ar mhúinteoirí nach bhfuil go huile is go hiomlán ar a gcompord leis an nGaeilge nó leis an teagasc trí mheán na Gaeilge, agus ar mhúinteoirí ar mian leo barr feabhais a chur ar a leibhéal reatha.
Eolas faoi na ranganna:
Tá siollabais, nótaí, bileoga agus acmhainní ar líne d’fhoghlaimeoirí fásta na Gaeilge forbartha ag Gaelchultúr le hocht mbliana déag ar ardchaighdeán.
Bíonn na cúrsaí ar fad a mhúineann Gaelchultúr foghlaimeoirlárnach agus úsáidtear an cur chuige cumarsáideach i gcónaí. Múintear teanga atá úsáideach agus praiticiúil agus cuirtear béim ar rannpháirtíocht agus ar an ngné shóisialta den teanga. Tá Gaelchultúr den tuairim gur cheart go mbeadh spraoi ag baint le foghlaim na Gaeilge agus go mbeadh an-sásamh le baint as an bpróiseas. Múintear gramadach na Gaeilge ar bhealach atá an-idirghníomhach agus tugtar tús áite do chleachtaí múscailte comhfheasa. Bíonn béim láidir ar obair bheirte agus ghrúpa, ar ghníomhaíochtaí rólghlactha agus ar chluichí teanga i ranganna Ghaelchultúir. Tugtar deis do na foghlaimeoirí páirt ghníomhach a ghlacadh i ngach rang, seachas an múinteoir an chaint go léir a dhéanamh. Tabharfar teastas tinrimh do na rannpháirtithe
Costas na ranganna:
Beidh costas €100 ar an gcúrsa in ionad an €240 a ghearrann Gaelchultúr go hiondúil ar a gcuid ranganna. Gheobhaidh na rannpháirtithe a fhreastalaíonn ar íosmhéid de 8 rang as an 10 rang €50 ar ais ag deireadh an chúrsa.
Sceideal na ranganna:
1. Cuirfear tús leis na cúrsaí an tseachtain dar tús an 19 Meán Fómhair 2022.
2. Cúrsa deich seachtaine agus rang dhá uair an chloig gach seachtain a bheidh i gceist.
3. Beidh sos lár-téarma ann (31/10/22 go 4/11/22).
4. Beidh ranganna deireanacha na gcúrsaí ar siúl an tseachtain dar tús an 5 Nollaig 2022.
5. Beidh uasmhéid de 18 rannpháirtí per leibhéal agus íosmhéid de 6 rannpháirtithe.
Beidh na cúrsaí ar fáil ar líne ag na leibhéal seo a leanas:
Bunrang 2 (A2) Dé Máirt 7-9pm Ar líne (zoom)
Meánrang 1 (B1) Dé Máirt 7-9pm Ar líne (zoom)
Meánrang 2 (B2) Dé Céadaoin 7-9pm Ar líne (zoom)
Ardrang 1 (C1) Dé Céadaoin 7-9pm Ar líne (zoom)
Is féidir clárú do na cúrsaí go díreach le Gaelchultúr ag an nasc seo :
https://www.gaelchultur.com/ga/cursai/cursa-cogg
Tá ceithre leibhéal luaite ann – A2 go C1 (bunrang 2 go ardrang 1)
Tuigtear do COGG go bhfuil géarchéim ann maidir le hearcú múinteoirí iar-bhunscoile agus go bhfuil an fhadhb níos géire fós san earnáil T1. Tá súil againn go mbeidh na cúrsaí seo ina dtacaíocht áirithe do phríomhoidí, múinteoirí agus pobal na scoileanna.