Cúla 4 ar Scoil – Seachtain 8 & 9 – Téama: Bia

TÉAMA- BIA
Seachtain 8 – ón Luan 15 go Déardaoin  18 Márta
agus
Seachtain 9 – ón  Luan 22 go Déardaoin 25 Márta

Beidh ceachtanna na coicíse seo ar CÚLA4 AR SCOIL bunaithe ar an téama ‘Bia’. Breathnóidh Múinteoir Orla ar tháirgí éagsúla bia agus cad as a dtagann siad agus léifidh sí scéal dúinn faoi bhia atá folláin. Sa cheacht staire fiosróidh na cineálacha bia a d’itheadh daoine fadó.

Beidh Múinteoir Síle agus Múinteoir Cian ag díriú ar mheáchan agus ar thoilleadh bianna agus deochanna éagsúla sna ceachtanna Mata. Beimid ag foghlaim faoi fheoilséantóirí agus faoi veigeáin agus déanfaidh Múinteoir Síle dán grinn faoi seo linn. Beidh níos mó ar eolas againn faoin gCóras Díleá tar éis an cheacht eolaíochta freisin.

Beidh Cúla4 ar Scoil ar TG4 gach lá ó Luan go Déardaoin ag 10am agus arís ag 4pm. 
Is féidir breathnú ar na cláracha ar cula4.com nó ar TG4.ie agus tá ceachtanna ar fáil ar youtube Cúla4.  

Seinnliosta Ceachtanna: https://bit.ly/2L2qoek
Seinnliosta Míreanna: https://bit.ly/3rmBxGg