Cúla 4 – Coicís 3


Cúla 4 Ar Scoil
Coicís a 3 28/9/20-8/10/20
Téama – MÉ FÉIN

Beidh an téama ‘Mé Féin’ á iniúchadh againn an choicís seo ar CÚLA4 AR SCOIL ón Luan 28ú Meán Fómhair go dtí an Déardaoin 8ú Deireadh Fómhair. Cabhróidh na ceachtanna Gaeilge linn cur síos a dhéanamh orainn féin agus ar ár muintir. Beidh an Múinteoir Orla ag díriú ar chuireadh cóisire agus dán pearsanta a scríobh agus beidh an Múinteoir Joe ag dearadh póstaeir agus é ar thóir robálaí a ghoid a rothar! Sa stair, breathnófar ar chraobh ghinealaigh agus amlíne pearsanta a chruthú agus sa mhatamaitic féachfar ar áiríonna na gcruthanna déthoiseacha agus tréthoiseacha, idir chruthanna a thógáil agus phátrún teisiliú a dhéanamh!

Luan go Déardaoin ag a 10am ar TG4 agus athchraoladh gach lá ag 5pm. Féach aon am ar Cúla4.com nó ar TG4.ie