Breacadh

Deirtear uaireanta go bhfuil sé deacair daoine óga a spreagadh chun na léitheoireachta, trí mheán na Gaeilge go háirithe. Ceannaigh an iris seo agus feicfidh tú nach bhfuil aon fhírinne sa ráiteas sin. Taitneoidh an iris Breacadh le daoine óga (idir bhuachaillí agus chailíní) mar tá sé barclíonta ó chlúdach go clúdach leis na scéalta is deireanaí.

  • Scéalta faoi na daoine mór le rá (idir réaltaí spóirt, scannáin agus ceoil)
  • Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta
  • Scéalta ó na ceantair Ghaeltachta
  • Crosfhocail
  • Na Réalta

Cé go bhfuil an iris seo dírithe go príomha ar fhoghlaimeoirí fásta litearthachta sa Ghaeltacht, díoltar 6,000 cóip le scoileanna – ag an mbunleibhéal agus an dara leibhéal – ar fud na tíre. Bí leo!

Is gá cóipeanna den trí eagrán a ordú le chéile. Tá Dúrud Teo ag glacadh le horduithe as seo amach ag [email protected] nó 01-487 7605. Is gá íoc as an iris roimh ré. Tá foirm ordaithe 2017/18 le híoslódáil thíos

Íoslódáil Foirm Ordaithe