Bleast Eolaíochta

Beidh imeacht mór eolaíochta ag tarlú i mBaile Átha Cliath agus i Luimneach i 2019. Eagraítear an imeacht seo gach bliain ach i mbliana is mian leo ceantar Gaelscoile a chruthú ina mbeidh scoileanna as gach cearn d’Éirinn ag taispeáint a gcuid tionscadal trí Ghaeilge.

Ní chomórtas atá ann ach deis do na páistí agus do na múinteoirí scileanna cruthaitheacha agus smaointeoireachta s’acu a fhorbairt. Bíonn cuidiú agus comhairle ar fáil faoin dóigh is fearr le tabhairt faoin tionscadál. Beidh liúntas €75 ar fáil le cuidiú leis an chostas taistil. Is gá iarratas a chur isteach roimh 21 Samhain.

Is deis iontach é seo do pháistí Gaelscoile bualadh lena chéile taobh amuigh de shuíomh na scoile.

Má bhíonn aon cheist agat nó tuilleadh eolais uait, ná bíodh leisce ort dul i dteagmháil liom nó ríomhphost a chur chuig Diarmuid [email protected] atá á reáchtáil.

Eolas breise anseo: Bleast Eolaíochta