Bleaist Eolaíochta san RDS – Fís

Bhí COGG ag obair leis an RDS i mbliana chun tuilleadh Gaelscoileanna agus Scoileanna Gaeltachta a mhealladh chun páirt a ghlacadh i mBleaist Eolaíochta. D’éirigh go hiontach linn anseo i mBaile Átha Cliath le beagnach 30 Gaelscoil/Scoil Ghaeltachta ag glacadh páirte agus i láthair ar an lá. Chuaigh muid ann ar an lá le comhlacht léirithe chun taifead a dhéanamh ar an obair iontach atá déanta ag na daltaí bunscoile agus ag a gcuid múinteoirí. Féach ar an bhfíseán seo a léiríonn archaighdeán Gaeilge agus dea-obair na bpáistí.

Cliceáil anseo: https://vimeo.com/327936374