Arracht – Scannán Nua

Blaisín: https://youtu.be/jYmZ8mPrm5A

Is breá linn a chur in iúl duit go mbeidh an fadscannán Gaeilge, ARRACHT (deimh. 12A), á chur ar taispeáint sna pictiúrlanna fud fad na tíre.

Scéal goilliúnach faoi theacht ar ábhar dóchais nuair is géire an cás atá in ARRACHT, arna scríobh agus arna stiúradh ag Tom O’Sullivan le stíl ar a mbraitear lomchruth na fírinne. Dónall Ó Héalaí atá sa phríomhpháirt agus is é Cúán MacConghail an léiritheoir. Chuir Fís Éireann agus TG4 cistíocht ar fáil don scannán a ainmníodh ar an ngearrliosta do ghradam Oscar i gcatagóir na Scannán Idirnáisiúnta i mbliana.

Insítear scéal in ARRACHT faoi Cholmán Sharkey, iascaire, athair, fear céile, atá ina chónaí le cósta fiáin Chonamara sa bhliain 1845 nuair a thagann Aimsir an Drochshaoil. Tá cáin agus cíos ag ardú agus gan aon toradh ar a chuid oibre ar an talamh. Tarlaíonn caint idir Colmán agus an tiarna talún ach ní caint amháin é sa deireadh agus nuair a tharlaíonn marú, caitheann Colmán dul ar a theitheadh, an tóir air faoi choireanna nach bhfuil sé ciontach iontu. Tar éis blianta a chaitheamh ar an uaigneas, filleann Colmán ar an mórthír. Buaileann sé le Kitty, cailín óg, agus cothaítear cairdeas eatarthu arb é an faoiseamh sa saol é.

Ar an láthair i gConamara a rinneadh iomlán na scannánaíochta ar fad ar ARRACHT, an chéad saothar leis an scríbhneoir-stiúrthóir Tom Sullivan agus saothar suntasach. Tá scór álainn ceoil curtha leis ag an mbanna KÍLA, a ainmníodh do ghradam Emmy agus foireann mhór aisteoirí de chuid na hÉireann le feiceáil. Tá cumasc breá sa scannán idir scéal a bhaineann le stair thragóideach na hÉireann agus gnéithe níos nua-aimseartha de ghnásanna seánraí na linne seo.

Beidh ócáidí taispeántais ar siúl a bheidh oiriúnach do dhaltaí scoile 12 bliain d’aois nó os a chionn.

Áirítear ar na príomhphointí spéise:

• Úsáid na Gaeilge i seánra scéil a bheireann ar aird lucht féachana an lae inniu agus a spreagann a gcuid suime

• Stair agus polaitíocht na hÉireann, tráth a raibh an tír i ndroch-chaoi mar gheall ar ghorta agus ar ghéarchéim eacnamaíochta agus shóisialta na ndaoine nuair a bhí bia agus saothrú gann

• Oideachas maidir le tréithe carachtair, mar is léir ó dhícheall Cholmáin cloí lena thuiscint féin ar chúrsaí moráltachta agus an saol ina thimpeall agus é faoi bhrú mór an tsaoil.

Le haghaidh níos mó eolais teigh chuig www.arracht.ie nó seol ríomhphost chuig Emma Fagan ó Breakout Pictures ag [email protected]