An Triail: Taifead ar líne ó Fíbín

Léiríonn Fíbín ‘An Triail’ le Máiréad Ní Ghráda, an dráma clasaiceach Nua-Ghaeilge. Seo leagan ar leith de ‘An Triail’ i stíl Fíbín! Téann Fíbín i ngleic le ceisteanna a ardaíonn múinteoirí agusscoláirí araon, trí phlota a bhreathnaíonn as dáta a thabhairt isteach i gcomhthéacs sochaí nua-aimseartha ag baint úsáid as puipéid, maisc, radhairc tharraingteacha agus léirithe daonna chunlucht féachana óg, ach go háirithe a mhealladh ar bhealach a thagann le saol na linne seo agusgur féidir teacht ar seó go héasca. Téann an léiriú seo i bhfad lasmuigh den nádúr dubh agus bán atá sa chaint agus cuidíonn an seó na constaicí san fhoghlaim a shárú le seó fuinniúil, mealltach agus greannmhar.

Taifead de ‘An Triail’ le Máiréad Ní Ghráda ar fáil ar líne anois!

Taifeadadh ar ardchaighdeán i stiúideo teilifíse chun beocht na hamharclannaíochta bheo a thabhairt chuig an seomra ranga. Feicfidh sibh an dráma ar bhealach nach bhfaca sibh riamh cheana, agus é go léir ar fáil go sábháilte in bhur scoil féin.

Ar fáil i rith na bliana. Déan teagmháil le eolas@fibin.com chun níos mó eolais a fháil.