An tAthrú Aeráide


Cad é an AE? | An tAontas Eorpach | Topaicí | Na hInstitiúidí | Gníomhaíochtaí |

Tá a lán tíortha sa lá atá inniu ann ina bhfuil Dálaí Déine Drochaimsire ag tarlú níos minice ná mar a tharlaíodh.  Chomh maith leis sin, tá níos mó tuilte i réigiúin áirithe ná mar a bhíodh, agus eascraíonn a lán fadhbanna agus cruatain uaidh sin.  Is gá rud éigin a dhéanamh faoi, ach cad é sin go díreach?

Bíonn daoine ag smaoineamh ar bhealaí nua chun dul i ngleic leis na fadhbanna sin. Mar shampla, bolgáin solais níos éifeachtúla a úsáid nó barra éagsúla a fhás. Táimid ag tabhairt aire níos fearr freisin do ghnáthóga fiadhúlra agus ag cruthú foinsí fuinnimh in-athnuaite.

Tá pobal an domhain tagtha le chéile chun aontú ar na bealaí is fearr an timpeallacht a chosaint agus chun aghaidh a thabhairt ar an Athrú Aeráide.  Bíonn sé deacair cinneadh a dhéanamh faoin mbealach is fearr é sin a dhéanamh agus bíonn daoine ag easaontú faoi.

Conas ba cheart dúinn freagairt don athrú aeráide?

230 RD Solar p France (1)

Tá an t-athrú aeráide ar cheann de na saincheisteanna is tábhachtaí os comhair daoine sa lá atá inniu ann. Rachaidh sé i bhfeidhm ar gach duine agus tá drochthionchar á imirt aige ar chuid mhór daoine cheana féin. Mar gheall air seo, tá tábhacht ar leith bainteach le smaoineamh na forbraíochta inbhuanaithe.

One degree matters — Full movie ó European Environment Agency nó Vimeo.

Cad is athrú aeráide ann?cars_stuck_in_snow_1_230cjf

Tá an t-athrú aeráide ar cheann de na saincheisteanna is tábhachtaí os comhair daoine sa lá atá inniu ann. Rachaidh sé i bhfeidhm ar gach duine agus tá drochthionchar á imirt aige ar chuid mhór daoine cheana féin. Folaíonn sé seo adhaimsir agus baoil d’áitreabh cónaithe fiadhúlra agus daonna.

2_cars_stuck_in_snow_230_cjfD’fhéadfadh ceantair íseal-talún ar domhan, agus ar an Eoraip fiú, a bheith faoi bhagairt ó leibhéil mhéadaithe na mara. D’fhéadfaí go mbeadh easpa uisce ar fud an domhain, lena n-áirítear in áiteanna ag a mbíonn go leor uisce de ghnáth. D’fhéadfaí go mbeadh teagmhais adhaimsire ann ní ba mhinice a dhéanfadh dochar don chomhshaol agus don gheilleagar, mar go bhfuil an costas ar chosaint ar na teagmhais seo agus ar a nglanadh an-ard.


Cén chaoi a bhfuilimid ag dul i ngleic leis?

Other_Green_Energy_3__hydrogen_fuel_cells

Téann an aeráid i bhfeidhm ar shaol na milliún duine ar fud an domhain. Is iomaí beart is féidir a dhéanamh chun daoine a chosaint ar éifeachtaí dochracha na n-athruithe sin.

Tá roinnt smaointeoireacht chruthaitheach de dhíth ar mhórchuid de na réitigh agus tá athrú ar iompar de dhíth ar mhórchuid eile. Tá gá le comhar idirnáisiúnta maidir le cuid de na réitigh is uaillmhianaí. Cuireann an cur chuige is déanaí béim ar fhorbairt inbhuanaithe. Is é seo an smaoineamh go n-úsáidimid acmhainní nádúrtha an Domhain go cúramach agus go dtugaimid aire don chomhshaol i leith na glúine seo agus na nglún sa todhchaí.


Adhaimsirfirefighting_plane230

Le blianta beaga anuas, tá níos mó teagmhas adhaimsire ná ba ghnách agus tá an-chuid acu bainteach leis an athrú aeráide. Folaíonn siad báisteach mhéadaithe, níos mó sneachta agus aimsir fhuar ná ba ghnách, nó tonnta teasa nó tuilte atá níos láidre ná ba ghnách a bheith ag tíortha. Is féidir le stoirmeacha a bheith níos troime ná a bhíodar roimhe.

Báisteach Mhéadaithe

Bíonn an samhradh ag éirí níos fliche i gceantair áirithe ar an Eoraip agus déanann sé seo dochar do bharraí. Bhí báisteach mhéadaithe ina cúis le tuile throm agus maidhmeanna tuile in amanna. Mar shampla, rinne maidhm thuile gan choinne an-dochar do bhaile beag i gCorn na Breataine darb ainm Bocastle i mí Lúnasa 2004.   

See here for more about Bocastle

Tonnta teasa

Bhí roinnt tonnta teasa troma ar an Eoraip leis na deich mbliana anuas, cuid díobh ina gcúis le taismigh a fuair bás. Is féidir le triomach teacht as na tréimhsí tirime seo, rud a théann i bhfeidhm ar thalmhaíocht agus a chruthaíonn tosca an-tirim a bhféadann a bheith ina gcúis le dóiteáin foraoise.

Geimhreadh níos fuaire

Mar gheall ar athruithe ar ghnáthphatrúin aimsire, tháinig tréimhsí a bhí níos fuaire ná a rabhthas ag súil leo sa gheimhreadh i gceantair ar an Eoraip nach ndeachthas i bhfeidhm orthu mar ba ghnáth. Foghlaimíonn na tíortha sin agus a muintir nach mór dóibh oiriúnú go han-tobann do na hathruithe sin.

D’fhéadfaí go bhfuil titim sneachta níos troime ná ba ghnách agus d’fhéadfaí nach bhfuil an bonneagar ceart acu chun dul i ngleic leis seo, mar shampla, níl go leor grin idir lámha acu leis na bóithre a chóireáil. Uaireanta, bhog córais aimsire artaí níos faide ó dheas ná mar ba ghnáth agus cleachtar teochtaí atá rí-íseal mar nach bhfuil daoine ullmhaithe mar is ceart ina leith. Mar shampla, d’fhéadfaí nach bhfuil tithe inslithe go maith, agus d’fhéadfaí nach bhfuil go leor éadaí teo geimhridh ag daoine.

https://youtube.com/watch?v=4lfe8RkGc5Y%3Frel%3D0


TuilteFlooding230

Le blianta beaga anuas, bhí tuilte níos minice agus níos measa ná mar is gnách. Tá an méid níos mó de bháisteach freagrach as cuid de seo, ach tá cúiseanna eile leo freisin. Bíonn sé ag éirí níos fliche sa Samhradh i gcodanna áirithe den Eoraip agus déanann sé seo an-dochar do bharra.

Uaireanta, bhí báisteach mhéadaithe ina cúis le tuilte móra agus le tulcaí. I mí Lúnasa 2004, bhí tulca gan choinne ina chúis le damáiste tromchúiseach i mbaile beag i gCorn na Breataine ar a dtugtar Bocastle

Mar gheall ar an méid mór tógála a rinneadh, go háirithe de réir mar a leathnaíonn cathracha agus bailte, tá líon níos mó de cheantair atá clúdaithe le coincréit agus tá líon níos lú de cheantair ithreach oscailte ar féidir leo an t-uisce a ionsú. Tógadh cosaintí in aghaidh tuilte in áiteanna áirithe. Mar sin féin, uaireanta ní dhéanann siad seo ach an fhadhb a bhogadh le sruth mar fhothoradh neamhbheartaithe.

Féach anseo le haghaidh tuilleadh faisnéise faoi thionchar na dtuilte

Rioscaí Tuilte a ChomhracUSAR230

Ní mór do gach tír san AE pleananna a bheith acu chun tuilte a bhainistiú agus chun gníomh a ghlacadh le hiad a chosc más féidir.

Pleananna Bainistíochta Riosca Tuilte

Ní mór do gach tír san AE pleananna a bheith acu chun tuilte a bhainistiú agus chun gníomh a ghlacadh le hiad a chosc más féidir.  Ní mór do thíortha léarscáileanna riosca tuilte a tháirgeadh faoi 2012 agus Pleananna Bainistíochta Riosca Tuilte a bheith ullamh acu faoi 2015 chun cosaint a chur ar fáil agus chun a bheith ullmhaithe. Beidh fáil ag an bpobal ar an bhfaisnéis seo.  Tá na rialacha seo sa Treoir Tuilte.

Faisnéis maidir leis an Treoir Tuilte ón AE an 26 Samhain 2007

Clár an AE um Ghníomh Tuilte

Áirítear leis seo cosc agus cosaint. Gné riachtanach de seo ná a bheith ar an eolas faoi cheantair ina dtarlaíonn tuilte go minic agus tógáil orthu a sheachaint. Ba chóir cosaintí in aghaidh tuilte a thógáil, agus ba chóir gníomhartha a sheachaint a d’fhágfadh sé go mbeadh sé níos dóichí tuilte a bheith ann. Tá pleananna éigeandála agus tarrthála le cur san áireamh freisin, mar aon le daoine a ullmhú i gcás tuilte. Ba chóir pleananna a bheith i bhfeidhm freisin le haghaidh téarnaimh tar éis tuilte.

Faisnéis maidir le bainistíocht riosca tuilte

Cén chaoi a bhfuilimid ag dul i ngleic leis?
200 sewer with metal plates

Ceann de na dóigheanna chun freagairt d’éifeachtaí an athraithe aeráide is ea trí athrú ar iompar daoine aonair agus ar an tsochaí i gcoitinne. Tá cuid de na hathruithe sin ina n-athruithe beaga gnáthshaoil, beidh am agus iarracht ag teastáil ó chuid eile.

Talmhaíocht

Tugann taighde le tuiscint go n-athróidh aeráid ghinearálta an AE thar na blianta atá le teacht agus beidh tionchar ag na hathruithe sin ar thalmhaíocht. Is féidir go n-athrófaí na háiteanna ina bhfástar barraí freisin – mar shampla, d’fhéadfaí fíniúnacha a fhás ní b’fhaide ó thuaidh ar an Eoraip. Tá cineálacha nua plandaí agus barraí á bhforbairt a dteastaíonn níos lú uisce uathu chun fás. D’fhéadfadh sé a bheith ní ba dheacra agus ní ba chostasaí beostoc a thógáil de réir mar a éiríonn an aeráid níos tirime agus a éiríonn sé níos deacra d’fhéar fás.

Tomhaltas Inbhuanaithe

Tá daoine ag éirí níos eolaí cheana féin ar an tionchar atá ag a gcuid iompair ar an gcomhshaol agus leanfar leis seo.

Tá táirgí deartha le bheith níos neamhdhíobhálaí ar an gcomhshaol á ndéanamh cheana agus tá daoine ag smaoineamh tuilleadh ar an dóigh a n-úsáideann siad ábhair nádúrtha agus ar dhóigheanna gan a bheith diomailteach. D’fhéadfadh daoine míreanna a cheannach atá in-athúsáidte nó atá déanta le maireachtáil, mar shampla. D’fhéadfadh daoine níos lú feola a ithe mar go bhfuil sí costasach le táirgeadh.

Is iomaí athrú ar iompar laethúil atá ann a d’fhéadfadh cabhrú lenár lorg carbóin a laghdú; is tomhas é seo ar an méid tionchair atáimid ag imirt ar an gcomhshaol.

Mar shampla, is féidir linn soilse a chur as nuair nach bhfuil siad de dhíth orainn, gan fearais a fhágáil ar fuireachas agus áirithiú nach bhfuil sconnaí ag sileadh agus ár dtithe a insliú.

Féach anseo le haghaidh léarscáil idirghníomhach a léiríonn raon tionscadal forbraíochta inbhuanaithe (d’fhéadfadh sé seo beagán ama a thógáil lena oscailt).

See more here  –  AE fhorbraíocht inbhuanaithe

The EU Ecolabel

flowerlogo

Ón mbliain 2012 ar aghaidh, is féidir le táirgí éiceabhácha a dhéantar san AE lipéad a bheith acu chun cur in iúl go ndéantar iad ar bhealach a chosnaíonn an comhshaol, agus cabhróidh sé sin le daoine na táirgí sin a aithint go furasta. Sin é an éicilipéad.

Is féidir éicilipéad an AE a úsáid chun cur in iúl go ndéantar táirge ar bhealach a chabhraíonn le cosaint an chomhshaoil.

Féach anseo le haghaidh tuilleadh faisnéise maidir le héicilipéad an AE a fháil

Táirgí níos Éifeachtúla

Tá úsáid níos éifeachtúla fuinnimh ag teastáil le méid na n-astaíochtaí dochracha atá ag dul isteach san atmaisféar a laghdú. Tá caighdeáin nua á dtairiscint i mórán réimsí saoil chun é seo a bhaint amach.

230 heat capture sewer pipes 2   heat_capture_pool_230   200 sewer with metal plates

Píobáin bhailithe teasa i séarach agus i linn ag úsáid an uisce arna théamh ag aistriú teasa

An Sráidbhaile Éiceolaíoch

Tógadh sráidbhaile i gCloch Shiurdáin in Éirinn leis na modhanna is inbhuanaithe is féidir a úsáid.

Ecovillage: Environmental Atlas of Europe – Ireland from European Environment Agency on Vimeo.

Tiocfaidh tithe a bhfuil an t-insliú is fearr acu as rialacha nua maidir le tógáil tithe, tithe a mbeidh níos lú fuinnimh ag teastáil uathu lena dtéamh. Tá rátáil fuinnimh ag fearais tí amhail cuisneoirí agus meaisíní níocháin freisin. Tabharfaidh sí eolas d’úsáideoirí ar a n-éifeachtúlacht úsáide fuinnimh, rud a rachaidh i bhfeidhm ar cé chomh costasach atá siad le rith.

 Bolgáin solais atá tíosach ar fhuinneamh

 eff_bulb_230

San AE, tá bolgáin solais atá tíosach ar fhuinneamh á dtabhairt isteach.

Féach anseo le haghaidh faisnéise maidir leis an tabhairt isteach bolgán solais atá tíosach ar fhuinneamh

time-line-en bulbs banned

Gnáthógamushrooms230eea

Toradh amháin atá ar an athrú aeráide is ea an dóigh a dtéann sé i bhfeidhm ar fhiadhúlra de réir mar a éiríonn a gcuid gnáthóige faoi bhagairt. Tá mórán speiceas ag éirí ina speicis i mbaol, ciallaíonn sé seo go bhféadfadh éagsúlacht nó bithéagsúlacht níos lú a bheith ann. Tá bacainní nádúrtha arb í an aeráid is cúis leo de ghnáth á gcailleadh le gur féidir le speicis nua bogadh isteach i gceantair nua agus dul in iomaíocht leis an bhfiadhúlra atá ann cheana.

Talamh

De réir mar a athraíonn an aeráid áitiúil, bíonn tionchar aici ar an talamh agus ar an ithir. Is fadhb leanúnach é fairsingiú fásaigh mar a bhfuil teochtaí ag ardú. Téann talmhaíocht agus lománaíocht i bhfeidhm air seo freisin ach, de réir mar a éiríonn an aimsir áitiúil níos tirime, is é is deacra do cheantair a ndeachthas i bhfeidhm orthu téarnamh. A luaithe is a éiríonn ceantar ina fhásach, tá sé iontach deacair an talamh a mhíntíriú agus is féidir le fásaigh leathnú freisin.

Oighear

Tá an t-athrú aeráide ag dul i bhfeidhm ar an oighearchaidhp pholach agus leánn an t-oighear níos mó ná mar is gnáth mar thoradh air. Téann sé seo i bhfeidhm ar raon fiadhúlra. Tá sé níos deacra do bhéir bhána sealgaireacht a dhéanamh. De réir mar a leánn oighear, téann sé i bhfeidhm ar theocht an tsáile agus ar shalannú (tiúchan an tsalainn). Téitear i bhfeidhm ar oighearshruthanna freisin mar go leánn cuid acu agus go n-éiríonn siad níos lú ná mar is gnáth.

Féach anseo le haghaidh roinnt íomhánna ón réigiún Baltach

Mara 

Téann an t-athrú ar theocht na mara i bhfeidhm ar cheantair theo freisin. Tá speiceas éisc a bhaineann le mara teo á bhfeiceáil níos faide ó thuaidh ná mar is gnáth. Tá mara ag éirí níos aigéadaí mar gheall ar dhé-ocsaíd charbóin mhéadaithe sna mara. Tá aigéadú na mara ina chúis le fadhbanna maidir le horgánaigh a dteastaíonn cailciam uathu mar chuid dá saolré. Téitear i bhfeidhm ar an-chuid coiréalach sna mara, le roinnt acu ag fáil bháis. Tá sé seo tábhachtach, ní amháin mar gheall ar chailliúint na sceireacha coiréalacha, ach mar gheall gurb ionann iad agus cuid thábhachtach den bhiashlabhra agus gnáthóg d’orgánaigh eile na mara.

Féach anseo le haghaidh alt mionsonrach maidir le haigéadú na mara

I gceantair áirithe ar an domhan, tá leibhéil na mara i mbaol ardaithe, rud a mbeidh ina gcúis le creimeadh cósta nó talamh íseal atá cóngarach don mhuir a chur faoi uisce. Tá oileáin ísle go háirithe i mbaol. Sampla de na hoileáin seo is ea oileán Tuvalu i réigiún an Aigéin Chiúin. D’iarr a ceannasaithe ar na Náisiúin Aontaithe cúnamh a thabhairt.

Féach anseo le haghaidh tuilleadh faisnéise ina leith seo a fháil


Gnáthóga a Chosaint1_habitats_cc__230_cjf

Tá mórán rialacha i bhfeidhm chun speicis éagsúla a chosaint agus chun bithéagsúlacht a choinneáil. De ghnáth, bíonn na speicis sin i mbaol ar dhóigh éigin agus teastaíonn cosaint bhreise uathu má bhíonn siad le maireachtáil.

Ní mór gnáthóga plandaí agus ainmhithe fiáine a chosaint agus ní mór Limistéir Chaomhantais Speisialta a bhunú. Ní mór éin fiáine a chosaint freisin agus ní mór Limistéir faoi Chosaint Speisialta a bhunú, go háirithe i mbogaigh, i riasca agus i gceantair atá á n-úsáid ag éin ar imirce. Chun é seo a bhaint amach, tá an Treoir maidir le Gnáthóga agus an Treoir maidir le hÉin ag an AE.

Féach anseo le haghaidh léarscáil idirghníomhach den AE a léiríonn Láithreáin na Treorach maidir le Gnáthóga agus le hÉin.


Natura 2000the_Burren_cjf_230

Fágtar roinnt ceantar talún gan úsáid. Tugtar Conairí Fiadhúlra orthu siúd agus tá sé beartaithe ligean d’ainmhithe bogadh go héasca, d’fhonn tailte pórúcháin a bhaint amach nó ar mhaithe le himircí, mar shampla. Sin é líonra Eorpach Natura 2000 agus cuireadh ar bun é faoin Treoir maidir le Gnáthóga.

Lean an nasc seo le haghaidh tuilleadh faisnéise a fháil maidir le Natura


Réigiúin BhithgheografachaLe haghaidh cosaint comhshaoil a phleanáil, tá naoi gcineál ceantair ghnáthóige darb ainm réigiúin bhithgheografacha san AE. Tá saintréithe ar leith ag gach ceann díobh, amhail a chineál féin tírdhreacha, fásra, geolaíochta agus aeráide.

Féach anseo le haghaidh tuilleadh faisnéise maidir leis na Réigiúin Bhithgheografacha

flora_cjf_230

Is iad seo na naoi Réigiún Bhithgheografacha; an réigiún Alpach, réigiún an Atlantaigh, réigiún na Mara Duibhe, an réigiún Bóireach, an réigiún Ilchríochach, an réigiún Micrinéiseach, réigiún na Meánmhara, an réigiún Panónach agus an réigiún Steipeach.

Féach anseo le haghaidh léarscáile de na Réigiúin Bhithgheografacha (is Pdf é agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé tamall a thógáil lena lódáil).

Fuinneamh in-athnuaiteWindfarm_S

Tá comhroghanna ar bhreoslaí bunaithe ar charbón á gceapadh agus á dtástáil. Tá roinnt foinsí nua de tháirgeadh fuinnimh in úsáid cheana féin. Ní mór na foinsí seo de bhreoslaí nua a tháirgeadh ar bhealach inbhuanaithe. Tá roinnt smaointe níos sine á n-athphlé. Chinn an AE gur as foinsí in-athnuaite 10% den bhreosla iomlán a úsáidtear faoi 2020.

Hidrileictreach

Hydro_Dam_Saint-Dalmas_230

Ceann de na foinsí fuinnimh in-athnuaite is sine is ea úsáid na giniúna fuinnimh hidrileictrigh. Baintear úsáid as uisce anseo chun tuirbíní a dhéanann an leictreachas a iompú agus tá sí in úsáid ó 1888 sna Stáit Aontaithe. Tá roinnt conspóidí ag gabháil léi seo freisin, áfach. Mar shampla, nuair a tuileadh gleannta leis na taiscumair uisce atá ag teastáil a chruthú.

Feirmeacha gaoithe

Tá muilinn ghaoithe nua-aimseartha le tuirbíní á n-úsáid chun fuinneamh a ghiniúint. Tá cáinteoirí ag an modh seo. Cé go bhfuil gaoth saor agus in-athnuaite, is féidir a bheith deacair suímh a aimsiú a bhfuil go leor gaoth sheasmhach acu chun feirmeacha gaoithe a dhéanamh iontach éifeachtúil. Tá tuairiscí ann freisin go bhfuil truailliú ó thorann ina fhadhb, de bhrí go gcloiseann daoine a chónaíonn gar dóibh, agus, i gcásanna áirithe, ó achar fada uathu, seordán na lann agus na dtuirbíní.

Grianfhuinneamh

230 RD Solar p France

Forbraítear i gcónaí iad de réir mar a cheaptar painéil ghrianfhuinnimh atá níos fearr agus níos éifeachtúla. Ceaptar roinnt grianphainéal le haghaidh na ndíonta ar thithe teaghlaigh, úsáidtear cinn eile ina líonta móra mar a mbíonn mórchuid sholas na gréine chun fuinneamh a ghiniúint. Bhí fadhbanna lena n-úsáid in áiteanna ina mbíonn cuid mhór scamall. Tá pleananna ann feirmeacha grianfhuinnimh a chur ar bun sa Sahára chun fuinneamh a sholáthar don Eoraip.

Cumhacht Núicléach

Civeaux_Nuclear_Power_Plant_230

Tar éis di titim faoi mhí-cháil, rinneadh athmheasúnú le déanaí ar úsáideacht na cumhachta núicléiche. Tá buarthaí leanúnacha ann maidir le sábháilteacht agus diúscairt dramhaíola radaighníomhaí. Mar sin féin, ní tháirgeann giniúint cumhachta núicléiche méideanna móra Gás Ceaptha Teasa amhail gléasraí cumhachta a úsáideann breoslaí iontaise.

Fuinneamh Glas Eile

other_green_energy_2_S__warehouse_for_biomass_treatment_-_Copy_-_Copy

Tá cineálacha eile foinsí fuinnimh atá neamhdhíobhálach don aeráid in úsáid freisin. Tá tíortha a bhfuil cuid mhór gníomhaíochta bolcánaí acu ag baint úsáid as táirgeadh fuinnimh gheoiteirmigh, agus leantar ar aghaidh le taighde ar an úsáid tonnta le cumhacht a ghiniúint. Níos déanaí ná sin, tugadh bithbhreoslaí isteach.

Ar dtús, ba cheart iad a dhéanamh ó phlandaí a fásadh ar thalamh mheath-thorthúil – is é sin, talamh nach bhfuil maith go leor le haghaidh talmhaíochta.

Mar gheall ar phraghsanna maithe, áfach, baineadh úsáid as roinnt de thalamh dea-chaighdeáin chun na críche sin in ionad chun críche táirgeadh bia a bhféadfadh ganntanais bhia a bheith mar thoradh air  (Stóráil breosla bithmhaise).

hydrogen_fuel_cells

Saotharlann Cill Chumhachta Hidrigine

Rialuithe astaíochtaíemission_control_230

Is iomaí foinse de Gháis Cheaptha Teasa atá ann. Tá imní ar leith faoi CO2 a tháirgtear nuair a dhéantar breoslaí iontaise a dhó – adhmad nó gual, mar shampla. Tagann tuilleadh astaíochtaí ó ghníomhaíocht na feirmeoireachta agus na talmhaíochta, mar shampla, cuireann tógáil beostoic le táirgeadh meatáin.

Modh amháin atá á úsáid chun méid na ngás dochrach atá á dtáirgeadh ag tionsclaíocht a laghdú is ea ceadúnas a fháil le haghaidh mhéid an gháis cheaptha teasa a fhéadann tionscal a tháirgeadh a rialú. Tugtar ‘trádáil astaíochtaí’ nó ‘ceadúnas um Thrádáil Carbóin’ air. Go bunúsach, is córas cuótaí é.

Féach físeán anseo a mhíníonn an córas trádála carbóin seo

Ídiú Ózóin

Tá an ciseal ózóin ina chuid d’aerbhrat an domhain agus coinníonn sé radaíocht dhochrach amach. Aimsíodh roinnt blianta ó shin go raibh sé ag caolú in áiteanna áirithe. Bhí freagairt dhomhanda don fhadhb seo darb ainm Prótacal Montréal. Chuir sé seo cosc ar úsáid CFCanna – is iad sin na ceimiceáin a lochtaíodh as an damáiste don chiseal ózóin – i dtionsclaíocht, go háirithe i gcuisniúchán. D’éirigh leis an gcosc agus tá an ciseal ózóin á dheisiú aige féin.

Iompar

transport_1__electric_Car_S_by_EWE_AG

Carr Leictreach

Ceann de na príomhfhoinsí d’astaíochtaí dochracha is ea iompar. D’fhonn íoc as an gcostas comhshaoil nó é a laghdú, tá mórán cánacha aois ar bhreosla agus ar iompar – tugtar Glaschánacha orthu. Chomh maith leis sin, tá tiontairí catalaíocha ag carranna agus tá peitreal gan luaidhe ar fáil i gcoitinne.

Tugtar spreagadh breoslaí nach breoslaí iontaise iad a úsáid le haghaidh iompair. Folaíonn sé seo an úsáid breosla-chealla hidrigine agus bithbhreosla mar aon le pointí poiblí athluchtaithe do charranna leictreacha a thabhairt isteach.

transport_4_bicycle

Tá rothaíocht ina freagairt amháin. Tá lánaí rothar, agus rothair shaora in aisce le haghaidh úsáid an phobail fiú, ag mórán cathracha anois.

Féach anseo le haghaidh faisnéise maidir le rothaíocht sa Danmhairg

Laghdú Carbóin

Modh amháin leis an méid CO2 atá ag dul isteach san atmaisféar a laghdú is ea teicneolaíocht a úsáid leis an CO2 ‘a cheapadh’ de réir mar a tháirgtear é agus é a stóráil in uaimheanna salainn nó i ngáscheantair chaite ina dhiaidh sin.

Modh eile leis an méid CO2 san atmaisféar a laghdú is ea trí fhoraoisí a fhás agus a chothú. Gníomhaíonn siad mar ‘doirtil Charbóin’ tríd an CO2 a ionsú. Sin é an fáth a bhfuil tábhacht ag foraoisí móra Oirthear na hEorpa, na hAfraice agus na hAmasóine. Déanann roinnt tionscal crainn a chur nó foraoisí a cheannach leis na hastaíochtaí a ghineann siad a chothromú. Tugtar ‘cúiteamh carbóin’ air sin.

Féach anseo le haghaidh tuilleadh faisnéise

 

 

emmision_controls_2_PloughingS transport_2_electric_bus_luxembourgeS transport_3_Electric_bus_engineS

transport_6_bicyclesS_2 trtansport_5_parked_cycle_230 using_public_transport_230_cjf


Freagairt an AE agus Comhaontuithe idirnáisiúnta

Tá an oiread sin tábhachta ag an réimse iomlán seo go bhfuil Ard-Stiúrthóireacht (roinn) speisialta bunaithe ag Coimisiún an AE chun díriú air.

Is é an Ard-Stiúrthóireacht um Ghníomhú ar son na hAeráide an t-ainm atá uirthi agus cuireadh ar bun in 2010 í. Tugadh cuid mhór de na rialacha agus na caighdeáin nua isteach, go háirithe maidir le húsáid agus táirgeadh fuinnimh, agus le hiompar tomhaltóirí atá ag athrú.

 

logo for clima 200

 

Féach anseo le haghaidh naisc lena láithreán Gréasáin

Go dtí an bhliain 2014, is í Connie Hedegaard Coimisinéir na hArd-Stiúrthóireachta um Ghníomhú ar son na hAeráide – féach anseo le haghaidh a Beathaisnéis a fheiceáil

Is féidir leat teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an gCoimisinéir anseo

Comhaontuithe idirnáisiúnta 

2_climate_change_conference_un_230

Tá ceannasaithe an domhain ag gníomhú le chéile chun réitigh a fháil. Chuige seo, shíníodar an-chuid comhaontuithe idirnáisiúnta leis an aidhm na gníomhartha seo a chomhordú ar fud an domhain.

Tugtar ‘conradh’ ar chuid de na comhaontuithe sin, ‘comhdháil’ nó ‘prótacal’ ar chuid eile ach déanann siad go léir an rud céanna. Cabhraíonn siad le rialtais an domhain comhoibriú chun réitigh mhaithe a fháil ar dhrochéifeachtaí an athraithe aeráide.

Is iad na comhaontuithe príomha Prótacal Kyoto, an Clár Eorpach um Athrú Aeráide agus Creatchoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Athrú Aeráide.

Féach anseo le haghaidh nasc le tuilleadh faisnéise ar na comhaontuithe sin.

 

1992 Cruinniú Mullaigh na Cruinne in Rio & Creatchoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Athrú Aeráide (UNFCCC)  

Shínigh ceannasaithe UNFCCC, tháirgeadar Cairt na Cruinne agus chomhaontaíodar le plean darb ainm Clár Oibre 21. Is comhaontú Cairt na Cruinne maidir leis na caighdeáin nach mór a bhaint amach chun an comhshaol a chosaint, agus is é Clár Oibre 21 na bearta a bheidh le déanamh, go háirithe ag an leibhéal áitiúil agus ag leibhéal an phobail ar fud an domhain.

UNFCC

 

1997 Prótacal Kyoto

Is comhaontú idirnáisiúnta é seo le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a ghearradh. Socraíodh spriocanna ar leith agus thiomnaigh tíortha na spriocanna sin a chomhlíonadh.

Kyoto Protocol

 

2000 An Clár Eorpach um Athrú Aeráide (ECCP)

Is é seo plean an AE um astaíochtaí carbóin a laghdú.

ECCP

 

2009 Comhdháil Chóbanhávan ar an Athrú Aeráide

Tháinig comhaontú idirnáisiúnta darb ainm Comhaontú Chóbanhávan as an gcruinniú seo de cheannasaithe domhanda sa Danmhairg chun astaíochtaí carbóin a laghdú agus freagairt don athrú aeráide.

The Copenhagan Accord

 


Téamh Domhanda: An Teoiriciceburg_1_230

Tá roinnt gás a cheapann téamh in atmaisféar an domhain a chabhraíonn le teocht fhoriomlán an phláinéid a rialú agus é a dhéanamh ináitrithe. Tugtar gáis cheaptha teasa orthu. B’ionann meánteocht an Domhain agus –18 ºC ina n-éagmais, a bheadh rófhuar chun beatha a chothú.

Lean an nasc seo le haghaidh tuilleadh faisnéise maidir le gáis cheaptha teasa a fháil 

Is í an teoiric go bhfuil gáis cheaptha teasa bhreise á dtáirgeadh ag gníomhaíocht dhaonna, agus dé-ocsaíd charbóin (CO2) go háirithe, agus go bhfuil tuilleadh teasa á cheapadh acu san atmaisféar agus, dá bhrí sin, tá an aeráid á hathrú.

Tá táirgeadh fuinnimh agus úsáid fuinnimh mar fhoinse na n-astaíochtaí seo go príomha, ach is féidir le talmhaíocht agus tionsclaíocht tionchar a bheith acu freisin. Is iad breoslaí iontaise agus díchoilltiú dhá cheann de na réimsí is ciontaí ina leith.

global_warming_2_Sleipner_offshore_field_S_EU_imageMolann eolaithe nach mór laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bheith ann leis an treocht seo a aisiompú. Is é is aidhm don AE astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú trí 20% faoin mbliain 2020. Go háirithe, tá beart á dhéanamh le méid na dé-ocsaíde carbóin atá ag dul isteach san atmaisféar a laghdú.

Bunaíodh an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (an IPCC) in 1988. Is eagraíocht í d’eolaithe atá ag obair chun níos mó eolais a fháil ar an athrú aeráide.

Guthanna easaontacha

Ní aontaíonn gach eolaí leis an smaoineamh go bhfuil gníomhartha daonna ar an gcúis is mó leis an athrú aeráide. Ceistíonn siad roinnt de na teoiricí. Tugann siad le tuiscint nach í gníomhaíocht dhaonna an phríomhfhoinse de théamh domhanda agus go bhfuil tionchar níos mó ag an ngrian.

Féach anseo le haghaidh ailt maidir le ‘Sceiptigh Aeráide’.

Féach anseo le haghaidh clár faisnéise maidir leis na guthanna easaontacha ar théamh

domhanda.

The great global warming swindle from Jeridoo Productions on Vimeo.

Clár Faisnéise: The Great Global Warming Swindle (1 uair 20 nóiméad)

Tarraingíonn na heolaithe sin aird ar stair an Domhain le déanaí nuair a tháinig athruithe eile ar an aeráid aníos. Go háirithe, tarraingíonn siad aird ar an tréimhse ní ba theo de Thréimhse The na Meánaoise ón 9ú hAois go dtí an 13ú hAois nuair a fásadh fíon ar an Eoraip thuaidh agus aird freisin ar an Oighearaois Bheag ó 1300 go 1870 nuair a reoigh an Tamais sa gheimhreadh. Tá ealaín agus scríbhneoireacht ó na tréimhsí sin ina bhfoinsí tábhachtacha fianaise maidir le haeráid na linne sin.

 

glob_warm_3_Iceburg_2_S   glob_warm_4_Arctic_BoatS

Acmhainní Úsáideacha – féach na naisc

Féach anseo le haghaidh acmhainní úsáideacha

An láithreán Gréasáin príomha maidir le freagairtí an AE don athrú aeráide

Láithreán Gréasáin na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil maidir leis an athrú aeráide

Láithreán Gréasáin maidir le freagairt an AE do Bhithéagsúlacht a chosaint

Físeáin chomhshaoil na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil

An Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta

Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe

Research EU Magazine ar líne

An Ard-Stiúrthóireacht um Ghníomhú ar son na hAeráide

Féach anseo leis an nglao ar chomhairliúcháin phoiblí ag an Ard-Stiúrthóireacht um Ghníomhú ar son na hAeráide a fheiceáil

Acmhainn ghinearálta ar an athrú aeráide

Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil

Tomhaltas neamh-inbhuanaithe

Rialacha agus Rialacháin

Féach anseo le haghaidh Rialacha & Rialachán

An Treoir maidir le hÉin

Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le caomhnú éan fiáin

An Treoir maidir le Gnáthóga

Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine

Bolgáin solais atá tíosach ar fhuinneamh

Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do leagan amach na gceanglas éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh.