
Is cúis áthais do COGG go bhfuil An Tairseach, suíomh le haghaidh acmhainní teagaisc do mhúinteoirí bunscoile, agus Mol Mata, suíomh le réimse uirlisí agus láimhseoga ar líne, cluichí agus gníomhaíochtaí ceannoscailte, ar fáil do mhúinteoirí bunscoile anois.
Beidh roinnt Ceardlanna Bunscoile aghaidh ar aghaidh ar siúl i mhí Mheán Fómhair agus i mhí Dheireadh Fómhair.
Sna ceardlanna seo beidh deis ag múinteoirí foghlaim conas na huirlisí idirghníomhacha agus láimhseoga atá mar chuid de Mhol Mata a úsáid go héifeachtach.
Beidh deis ag múinteoirí foghlaim faoi na hacmhainní is déanaí trí mheán na Gaeilge atá ar fáil ar an Tairseach freisin.
Cliceáil ar na naisc thíos chun níos mó eolais a fháil.
· An Clár – 15/9/2022 – 4:00 go dtí 6:00
· Iarthar Átha Cliath – 20/9/2022 – 4:00 go dtí 6:00
· Trá Lí – 21/9/2022 – 4:00 go dtí 6:00