AN LITRÍOCHT BHÉIL: Acmhainní nua don seomra ranga ar fáil ar Tuairisc.ie

Tá acmhainní teagaisc nua á seoladh ar Tuairisc.ie inniu atá bunaithe ar ábhar ó Bhailiúchán na Scol ón suíomh dúchas.ie.
Tá sé mhír déag sa ‘Litríocht Bhéil’ agus na míreanna nua ar fad ar fáil saor in aisce do chách ó inniu ar aghaidh.
Is comhghuaillíocht atá anseo idir Scoil an Oideachais in OÉ Gaillimh agus Tuairisc.ie le tacaíocht ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG).
Is iad Breandán Mac Gearailt agus Emer Davitt, léachtóirí ar an Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO) in OÉ Gaillimh, stiúrthóirí an tionscnaimh agus earcaíodh scoláirí ón MGO le dul i mbun oibre ar ábhar ó Bhailiúchán na Scol.
Tá an t-ábhar, atá deartha ag Tuairisc.ie, dírithe go príomha ar scoláirí na sraithe sóisearaí i scoileanna T1, ach is féidir le scoláirí i scoileanna T2 tairbhe a bhaint astu chomh maith. Is féidir teacht orthu anseo