An Coimisiún Eorpach


Cad é an AE? | An tAontas Eorpach | Topaicí | Na hInstitiúidí | Gníomhaíochtaí |

Tá an Coimisiún Eorpach ar cheann de na hinstitiúidí is mó tábhacht den AE. I dteannta na Comhairle agus na Parlaiminte, cuireann sé rudaí ar a gcosa. Déanann an Coimisiún rialacha nua thar ceann thíortha an AE, cuireann sé na rialacha sin i bhfeidhm agus bíonn sé i mbun an-chuid de ghníomhaíochtaí laethúla an AE. Déanann sé an cineál rudaí nach dtugtar faoi deara go minic – mar shampla, eagraíonn sé na haistriúcháin isteach i dteangacha éagsúla de thíortha an AE. Ní mór do dhuine éigin é a dhéanamh!

Tá an Coimisiún á reáchtáil ag na Coimisinéirí, a gcabhraíonn eagraíocht mhór speisialtóirí agus riarthóirí leo. Tá Uachtarán den Choimisiún.

Baintear úsáid as an téarma ‘Coimisiún’ i gcomhair na heagraíochta ar fad agus i gcomhair ‘an choláiste Coimisinéirí’ freisin, arb ionann é agus na Coimisinéirí go léir le chéile.

Na Coimisinéirí

Na Coimisinéirí – Tá Uachtarán an Choimisiúin agus na Coimisinéirí go léir ag obair le chéile i gceannas an Choimisiúin Eorpaigh. Ainmnítear gach duine acu lena thír nó lena tír féin agus meastar gur onóir mhór í. Is é cúig bliana a dtéarma oifige.

Tá Uachtarán an Choimisiúin agus na Coimisinéirí go léir ag obair le chéile i gceannas an Choimisiúin Eorpaigh. Tá an-chuid tionchair ag an Uachtarán, féadann sé iarraidh ar Choimisinéir éirí as.

Ainmnítear gach duine acu lena thír nó lena tír féin agus meastar gur onóir mhór í. Is é cúig bliana a dtéarma oifige.

A luaithe is a éiríonn duine ina Choimisinéir / ina Coimisinéir, táthar ag coinne go ngníomhóidh sé nó sí thar ceann na dtíortha agus na saoránach go léir den AE, agus ní amháin a gcinn féin. Tá sé seo ina chuid thábhachtach den ról mar Choimisinéir.

 “Beidh baill den Choimisiún, le leas ginearálta an Chomhphobail, neamhspleách go hiomlán ina gcuid dualgas. Ní dhéanfaidh siad treoracha a iarraidh ná a ghlacadh ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht eile. Staonfaidh siad as aon ghníomh nach luíonn lena gcuid dualgas. Geallann gach Ballstát meas a thabhairt don phrionsabal seo agus gan féachaint le tionchar a imirt ar bhaill den Choimisiún” (airteagal 213, Conradh Maastricht).

Cá mhéad díobh atá ann?

Faoi láthair, tá coimisinéir do gach tír den AE – ach beidh sé seo le hathrú in 2014 agus beidh líon níos lú díobh ann ina dhiaidh sin. Mar sin de, beidh 28 Coimisinéir ann go dtí sin.

Tá gach Coimisinéir i mbun réimse ar leith den Choimisiún, tugtar Ard-Stiúrthóireachtaí orthu siúd. Tá obair éagsúil le déanamh i ngach ceann acu i réimse ar leith beartais, mar shampla, an comhshaol, iompar, nó talmhaíocht. Tugtar ‘Punann’ air seo. Cinneann Uachtarán an Choimisiúin cé a fhaigheann na punanna.

Cabhraíonn a ‘gComh-Aireachtaí’ nó a n-oifigí agus sraith Coistí leis na Coimisinéirí.

Coimisinéir a Cheapadh

Is an-mhinic a bhíonn an-chuid taithí polaitíochta ina dtír féin ag na Coimisinéirí agus, ina dhiaidh sin, déantar iad a roghnú agus a chur ar aghaidh mar iarrthóir lena gcuid rialtas. Tugtar ainmniúchán air seo.

Ní mór do Pharlaimint na hEorpa na hainmniúcháin seo a fhaomhadh freisin. Mura bhfaomhtar iad, ní bhfaighidh siad an post!

Na hArd-Stiúrthóireachtaí

Ard-Stiúrthóireachtaí an Choimisiúin Eorpaigh. Faoi láthair, tá 38 Ard-Stiúrthóireacht sa Choimisiún Eorpach agus tá a Choimisinéir féin ag gach ceann acu. Is iad seo na ranna is mó tábhacht agus díríonn gach ceann acu ar réimse ar leith beartais – talmhaíocht, iompar nó an comhshaol, mar shampla.

Ard-Stiúrthóireachtaí an Choimisiúin Eorpaigh

Faoi láthair, tá 38 Ard-Stiúrthóireacht sa Choimisiún Eorpach agus tá a Choimisinéir féin ag gach ceann acu. Is iad seo na ranna is mó tábhacht agus díríonn gach ceann acu ar réimse ar leith beartais – talmhaíocht, iompar nó an comhshaol, mar shampla.

Tá deich seirbhís bhreise a chomhroinntear amach i measc na gcoimisinéirí, is iondúil a bhíonn siad ina réimsí riaracháin ar nós na seirbhíse aistriúcháin.

Ní gá do Choimisinéir atá i gceannas Ard-Stiúrthóireacht thábhachtach ach an ceann sin amháin a reáchtáil agus díriú ar an gceann sin amháin.

Is iad seo cuid de na hArd-Stiúrthóireachtaí is mó tábhacht:

Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe (AGRI)

Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil (ENV)

Ard-Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair (MOVE)

Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (ECFIN)

Ard-Stiúrthóireacht na Sláinte agus na dTomhaltóirí (SANCO)

Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta (COMP)

Tá a lán eile ann – féach anseo chun dul chuig an liosta ar líne de na hArd-Stiúrthóireachtaí go léir

Dlíthe nua a Dhéanamh

Féadann an Coimisiún cineálacha áirithe dhlíthe an AE a dhéanamh. Tá an tasc aige freisin dlíthe nua a mholadh. Ní mór comhairliúchán cúramach a bheith ann leis na daoine a gcuirtear isteach orthu freisin. Tugtar Treoir ar an gcineál dlí is tábhachtaí a dhéanann an Coimisiún.

Féadann an Coimisiún cineálacha áirithe dhlíthe an AE a dhéanamh. Tá an tasc aige freisin dlíthe nua a mholadh. Ní mór comhairliúchán cúramach a bheith ann leis na daoine a gcuirtear isteach orthu freisin. Tugtar Treoir ar an gcineál dlí is tábhachtaí a dhéanann an Coimisiún

Is é an Coimisiún a mholann dlíthe nua. Is é sin le rá gurb é jab an Choimisiúin an dréacht a scríobh agus na cáipéisí dlí go léir a ullmhú. Féadann sé moladh a dhéanamh freisin. Féadann Institiúidí eile den AE moltaí a dhéanamh chomh maith, ach cuirfear iad seo ar aghaidh chuig an gCoimisiún ina dhiaidh sin lena gcur i gcrích.

Comhairliúchán

Nuair a mholtar dlí nó riail nua, ní mór é a bhreithniú go cúramach d’fhonn cinntiú go n-oibreoidh sé nó sí agus cinntiú go ndéanfaidh sé nó sí an rud atá beartaithe. Is iomaí duine a rachaidh riail nó dlí nua an AE i bhfeidhm orthu agus iarrtar orthu a gcuid tuairimí a chur in iúl mar sin de. Tugtar an próiseas comhairliúcháin air seo, agus féadann daoine a gcuid tuairimí a chur in iúl trí aighneacht a dhéanamh leis an gCoimisiún Eorpach maidir leis an togra nua.

Tá raon ollmhór daoine a bhfuil spéis acu in aighneacht a dhéanamh, is daoine aonair iad cuid acu ach is eagraíochtaí iad an tromlach – carthanais, mar shampla. D’fhéadfadh daoine eile teacht as gnó, tionscal, feirmeoireacht nó eagraíochtaí eolaíochta. Tá gach duine a rachfar i bhfeidhm orthu i dteideal a gcuid tuairimí a chur in iúl.

Féadann an Coimisiún cineálacha áirithe de dhlíthe an AE a dhéanamh

Cinntí – is ionann seo agus riail nó dlí atá an-sainiúil, déantar de ghnáth iad i leith cuideachta nó tír áirithe. Tagann siad isteach sa dlí lom láithreach.

Rialacháin – dírítear iad ar gach duine san AE agus tagann siad isteach sa dlí lom láithreach. Dea-shampla ba ea an caighdeán sábháilteachta nua.

Treoracha – is iad seo na cinn is casta. I gcás Treorach, comhaontaítear caighdeán nó riail nua ach beidh cúpla bliain ag tíortha an AE í a thrasuí sa dlí náisiúnta.

Cuireann Treoir síos ar thoradh inmhianaithe, ach is féidir le gach tír aonair den AE cinneadh a dhéanamh ar an dóigh a mbainfear amach é seo. Éascaíonn sé seo éagsúlacht i gcúinsí áitiúla. Is féidir am a ghlacadh chun caighdeáin nua a bhaint amach freisin.

Socraítear spriocdháta agus ní mór é a chomhlíonadh. Mura ndéantar amhlaidh, is ‘briseadh’ é agus beidh an chumhacht ag an gCoimisiún an Treoir a chur i bhfeidhm.

Caomhnóir na gConarthaí

Mar gheall ar a ról i gcur i bhfeidhm rialacha an AE, is minic a thugtar ‘Caomhnóir na gConarthaí’ ar an gCoimisiún. Áirithíonn sé go gcloíonn tíortha agus cuideachtaí san AE leis na rialacha.

Tá an-chuid rialacha, dlíthe agus comhaontaithe mionsonraithe ann idir tíortha san AE. Tagann mórchuid acu díreach ó na conarthaí. Is é tasc an Choimisiúin áirithiú go bhfuil gach duine ag cloí leis na rialacha sin agus – rud a bhfuil an tábhacht chéanna acu – go gcloíonn gach duine leo sa dóigh chéanna i ngach tír. Cosnaíonn an Coimisiún an Margadh Inmheánach freisin.

Cosaint ó Chairtéil agus ó Mhonaplachtaí

Ceann de na róil is tábhachtaí atá ag an gCoimisiún ná áirithiú nach ndéanann cuideachtaí comhaontuithe rúnda chun praghsanna a choinneáil ard nó nach ndéanann siad gníomh neamhdhleathach eile den saghas sin. Má tá an Coimisiún san amhras go bhfuil sé seo ag tarlú, féadann sé imscrúdaitheoirí a chur chuig oifigí na cuideachta lena fháil amach, agus féadann sé fíneáil a ghearradh ar an gcuideachta má fhaightear ciontach í. Tugann sé seo an-chuid cumhachta don Choimisiún!!

Tíortha an AE

Déanann an Coimisiún measúnú iar-iniúchta chun áirithiú go gcloítear leis na Treoracha i ngach tír – mura gcloítear leo, tugtar ‘sárú’ air.

Cineálacha sáruithe 

Neamhfhógra – Ciallaíonn sé seo gur cuireadh an treoir isteach sa dlí i dtír (trasuíomh sa dlí náisiúnta, mar a thugtar air) ach níor chuir rialtas na tíre é seo in iúl don Choimisiún go fóill. Is minic gurb é ualach mór oibre is cúis leis agus is fadhb ar leith í do thíortha beaga ina bhféadfadh pearsanra chun an obair riachtanach a dhéanamh a bheith in easnamh.

Trasuí Neamhiomlán agus Cur i bhFeidhm Mícheart – sna cásanna sin, rinneadh an Treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta ach ní i gceart. Nuair a tharlaíonn sé sin, ní mór é a cheartú.

Is iondúil a bhainfidh duine éigin leas éigin as na rialacha nua sin agus, dá bhrí sin, ba mhaith leo a bhfeidhmiú ceart a fheiceáil!

Rialacha agus dlíthe an Choimisiúin a chur i bhfeidhm

Nuair a dhéanann an coimisiún riail nó dlí nua, caithfidh sé ina dhiaidh sin áirithiú go gcloíonn tíortha an AE i gceart leis an riail nó an dlí.

Mura gcloíonn tír leis na rialacha agus dlíthe arna ndéanamh ag an gcoimisiún, beidh cumhachtaí aige na dlíthe sin a chur i bhfeidhm. De ghnáth, is éard atá i gceist ná moill nó earráid agus réitítear an tsaincheist go réidh. Murab amhlaidh an cás, féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar an tír fíneáil a íoc.

 Imeacht Briste 

Más gá beart a dhéanamh, is Imeacht Briste é seo. Is é cuspóir an Choimisiúin easaontuithe a sheachaint agus, de ghnáth, réitítear iad ag céim tosaigh. Má theipeann ar gach rogha eile, féadfaidh an Coimisiún an dlí a chur ar an tír chiontach i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Tá céimeanna sa phróiseas sin agus d’fhéadfadh an fhadhb a réiteach ag céim ar bith agus ní rachadh sí níos faide anonn.

Litir Fiosrúcháin 

Scríobhann an Coimisiún chuig rialtas na tíre chun faisnéis a iarraidh agus chun fáil amach cén fáth nach bhfuil an riail nó an dlí mar chuid den dlí náisiúnta go fóill.

Litir Fógra Fhoirmiúil

Scríobhann an Coimisiún chuig an rialtas chun gearán a dhéanamh mar nár trasúdh an riail nó an dlí sa dlí náisiúnta.

Tuairim Réasúnaithe

Scríobhann an Coimisiún chuig an rialtas ag cur an toraidh is dóchúla in iúl dó i gcás ina gcuirtear an dlí air (is é is dóchúla go n-inseoidh sé don rialtas go gcaillfidh sé!).

Tarchurtha chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Cuirtear cás dlíthiúil in aghaidh na tíre ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

 Cá bhfuil sé?P0126020009

Tá an Coimisiún Eorpach suite sa Bhruiséil i bhFoirgneamh Berlaymont

Foirgneamh Berlaymont

Rue de la Loi 200,

1049 Bruxelles

Léarscáil – Féach anseo