An Cailín Ciúin

Tá an-áthas ar Break Out Pictures agus ar Curzon a fhógairt go mbeidh an scannán AN CAILÍN CIÚIN, a fuair moladh ó na léirmheastóirí, á eisiúint i gcomhar acu i bpictiúrlanna ar fud na hÉireann agus ar Curzon Home Cinema sa Ríocht Aontaithe ar an 12 Bealtaine. Taispeánadh an scannán lánfhada Gaeilge den chéad uair le déanaí ag féile mór le rá Berlinale, áit ar bhain sé amach an duais Grand Prix an Choiste Idirnáisiúnta Generation Kplus don Scannán is Fearr.

Níos mó eolais ar fáil anseo.

 

  • Is féidir ticéid le haghaidh an oíche oscailte i mBÁC a fháil anseo.
  • Is féidir ticéid le haghaidh pictiúrlann i gCorcaigh a fháil anseo.
  • Is féidir ticéid le haghaidh an oíche oscailte i nGaillimh a fháil anseo.