Cad é an AE? | An tAontas Eorpach | Topaicí | Na hInstitiúidí | Gníomhaíochtaí |
Cad é an AE?
Is eagraíocht polaitíochta idirnáisiúnta é an tAontas Eorpach (AE) agus seasann sé do ghrúpa tíortha neamhspleácha. D’aontaigh na tíortha seo go n-oibreodh siad le chéile i gcúrsaí eacnamaíochta agus polaitíochta. Comhroinneann siad roinnt cumhachtaí freisin.
Is é ‘Ode to Joy’ le Beethoven Amhrán an Aontais Eorpaigh – Éist leis anseo
Bíonn an tAontas Eorpach (AE) ag fairsingiú an t-am ar fad, agus bíonn tíortha nua ag teacht isteach ann ar bhonn leanúnach. Is gá do na tíortha sin caighdeáin áirithe a bhaint amach sula dtugtar cead dóibh teacht isteach. Déantar níos éasca é do thíortha an AE trádáil a dhéanamh lena chéile. Is é an Euro príomhairgeadra an AE. Bunaíodh an AE sa bhliain 1957 tráth ar síníodh an chéad chonradh. Chuidigh a lán daoine cáiliúla le forbairt an AE chun an caighdeán ag a bhfuil sé sa lá atá inniu ann a bhaint amach.
Is eagraíocht Eorpach é an AE agus tá formhór na n-oifigí tábhachtacha sa Bhruiséil, príomhchathair na Beilge.
Is iad seo príomhinstitiúidí an AE: an Chomhairle Eorpach, Comhairle an Aontais Eorpaigh, Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún.
Tá an Chomhairle agus an Coimisiún lonnaithe sa Bhruiséil.
Is sa Bhruiséil sa Bheilg agus in Strasbourg sa Fhrainc atá Parlaimint na hEorpa lonnaithe.
Is institiúidí tábhachtacha eile an AE iad Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus an Banc Ceannais Eorpach.
Tá an BCE (an Banc Ceannais Eorpach) lonnaithe in Frankfurt agus tá Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh lonnaithe i Lucsamburg.
Conas dul isteach san AE
Nuair a rachaidh tír isteach san AE síneoidh sí Conradh an Aontais Eorpaigh. Is ionann Conradh agus comhaontú idir tíortha.
Tháinig forbairt ar Chonarthaí an AE thar am. Tá níos mó rialacha sna cinn nua ná a bhí sna seanchinn. Nuair is mian le tír teacht isteach san AE déanfaidh sí scrúdú ar na conarthaí agus ansin socróidh sí an mbeidh sí sásta go leor leo le teacht isteach. Ansin beidh plé ann idir an tír nua agus an AE ar feadh tamaill. Seans go mbeidh dearcadh láidir ag an tír faoina rialacha féin agus gur mhaith léi iad a chosaint. Ach ní féidir le tír nua rialacha lárnacha na gConarthaí a athrú. De ghnáth tiocfaidh an dá thaobh ar réiteach a shásóidh gach duine – ach b’fhéidir go dtógfaidh sé blianta!
Tá liosta an-fhada de dhlíthe agus de rialacha ann ar gá do gach duine cloí leo i ndiaidh dóibh teacht isteach san AE. Is é an ‘Aquis Communitaire’ an t-ainm atá ar an liosta seo.
Baill den AE
Cé hiad na baill den Aontas Eorpach? Faoi láthair, tá 28 tír ann. Tá tíortha breise ag teacht isteach gach cúpla bliain, agus tá fás an AE ag leanúint dá bhrí sin. Tá roinnt tíortha ina mbaill ar feadh tréimhse níos faide ná tíortha eile. Féach thíos i leith nasc le láithreán Gréasáin Europa le haghaidh tuilleadh faisnéise.
Ballstáit an Aontais Eorpaigh leis na dátaí a chuaigh siad isteach
an Ostair (1995)
an Bheilg (1952)
an Bhulgáir (2007)
an Chipir (2004)
Poblacht na Seice (2004)
an Danmhairg (1973)
an Eastóin (2004)
an Fhionlainn (1995)
an Fhrainc (1952)
an Ghearmáin (1952)
an Ghréig (1981)
an Ungáir (2004)
Éire (1973)
an Iodáil (1952)
an Laitvia (2004)
an Liotuáin (2004)
Lucsamburg (1952)
Málta (2004)
an Ísiltír (1952)
an Pholainn (2004)
an Phortaingéil (1986)
an Rómáin (2007)
an tSlóvaic (2004)
an tSlóivéin (2004)
an Spáinn (1986)
an tSualainn (1995)
an Ríocht Aontaithe (1973)
Féach anseo thíos chun a fháil amach cad iad na tíortha nua a bheidh ag teacht isteach san AE – tíortha a bhfuil idirbheartaíocht ar siúl acu faoi láthair chun ballraíocht AE a fháil
Nasc http://ec.europa.eu/economy_finance/international/enlargement/index_en.htm
An Margadh Inmheánach
Tá an margadh inmheánach ar cheann de phríomhéachtaí an AE. Ligeann sé do thíortha gnó a dhéanamh le chéile go réidh thar theorainneacha tíre.
Tugtar an Margadh Aonair ar an Margadh Inmheánach freisin. Tá sé ar an gcomhaontú idir tíortha an AE a ligeann dóibh trádáil go réidh le chéile. Ligeadh na bacainní trádála idirnáisiúnta de dhleachtanna agus de chánacha iompórtála idir tíortha an AE. Tá rialacha i bhfeidhm, arna bhforghníomhú ag an gCoimisiún, chun deimhniú go bhfuil iomaíocht chothrom idir tionscail is gnóthais an AE.
Na Ceithre Shaoirse
Dá mbeadh an Margadh Aonair le feidhmiú mar is ceart, ní mór a bheith éasca do thíortha trádáil le chéile, agus do mhuintir na dtíortha sin taisteal sna tíortha sin go léir go héasca freisin. Tugtar na Ceithre Shaoirse ar na ceanglais seo:
Saorghluaiseacht earraí (mar shampla, gan aon cháin teorann, comhaontú le caighdeáin chomhroinnte i dtáirgí).
Saorghluaiseacht daoine (mar shampla, féadann Saoránaigh an Aontais Eorpaigh obair agus cónaí in aon áit san AE).
Saorghluaiseacht seirbhísí (mar shampla, cosaintí níos fearr tomhaltóirí)
Saorghluaiseacht caipitil (mar shampla, féadann cistí pinsean an tír ina n-infheisteoidh siad a roghnú).
Tacú leis na Réigiúin
D’aithin an AE go luath go bhféadfaí réigiúin a fhágáil siar de réir mar a d’fhorbródh an AE mura dtabharfaí cúnamh speisialta dóibh. Is í an aidhm ná gach ceantar san AE a thabhairt suas chuig an gcaighdeán céanna. Chuige seo, tugadh cabhair speisialta do na háiteanna sin san AE nach raibh an leibhéal céanna forbartha acu.
Cistiúchán Comhtháthaithe
Ba chistí iad seo a tugadh do réigiúin faoi mhíbhuntáiste san AE chun cabhrú leo teacht suas agus cabhrú leo freisin fadhbanna a shárú a cruthaíodh le hiomaíocht mhéadaithe nuair a chuaigh siad isteach sa mhargadh aonair.
Tugadh cistí d’aon réigiún a bhí 25% níos boichte ná an chuid eile den AE (nó, is féidir é a chur i bhfriotal freisin mar seo a leanas – ‘mar arb ionann OTI (olltáirgeacht intíre) agus níos lú ná 75% de Mheán an AE’).
An Euro
Is é an Euro an t-airgeadra aonair a úsáideann grúpa de thíortha an AE ionas go mbeidh an t-airgeadra céanna acu go léir.
Tugadh an Euro isteach in 1999 agus, ag an bpointe seo, chuir tíortha an AE a chuaigh isteach tús lena úsáid agus chuireadar an t-airgeadra nua isteach in ionad a n-iarairgeadraí. I roinnt áiteanna, bhí an t-athrú an-mhear agus in áiteanna eile, ghlac sé roinnt seachtainí.
Téigh anseo chun dealramh thaobh náisiúnta bhonn an Euro i ngach tír a fheiceáil ar láithreán Gréasáin an Bhainc Cheannais Eorpaigh.
Níl gach tír den AE san Euro. Ba mhaith le cuid acu dul isteach ann ach ní mór dóibh fanacht go dtí go mbeidh a ngeilleagair láidir go leor.
Féach anseo le haghaidh léarscáil idirghníomhach ar bhallraíocht limistéar an Euro ar láithreán Gréasáin an Bhainc Cheannais Eorpaigh.
Cumhacht a chothromú
Is gá don Aontas Eorpach freastal ar riachtanais éagsúla a bhall go léir chomh maith agus is féidir lei. Is gá dó freisin a gceart a thabhairt do chumhacht a institiúidí agus dá pháirteanna go léir. Tá díospóireacht leanúnach ann faoi cé chomh mór agus ba chóir do chumhacht agus do thionchar an Aontais Eorpaigh a bheith.
Comhairle an Aontais Eorpaigh, Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún; san Aontas Eorpach braitheann cinntí orthu siúd.
Is gá do gach ceann de na grúpaí thuas cead cainte a bheith acu agus caithfidh siad teacht ar chomhaontú i ngach cinneadh. Tá an próiseas seo measartha casta, ach sa deireadh tá seans ag gach duine tuairim a chur chun cinn.
Tionscnamh Eorpach na Saoránach
Ligeann an tionscnamh seo do shaoránaigh an AE iarraidh ar an gCoimisiún riail nua nó dlí nua a dhéanamh. Féach anseo le haghaidh na sonraí go léir.
An Chairt um Chearta Bunúsacha an AE
Is cáipéis dlí í seo agus liostaíonn sé cearta shaoránaigh an AE. Cuireann sí an áireamh cearta an duine mar aon le cearta na n-oibrithe. Tá sí ina cuid de dhlí an AE. Is sraith an-tábhachtach prionsabal í an Chairt agus beidh an-tionchar aici ar an AE.
Tá 6 chaibidil sa chairt:
TEIDEAL I Dínit
TEIDEAL II Saoirsí
TEIDEAL III Comhionannas
TEIDEAL IV Dlúthpháirtíocht
TEIDEAL V Cearta na Saoránach
TEIDEAL VI Ceartas
Féach anseo le haghaidh láithreán Gréasáin an Choimisiúin faoin gCairt.
Féach anseo le haghaidh an téacs den Chairt um Chearta Bunúsacha – tá sé i bhfoirm Pdf. Cuimhnigh gur cáipéis dlí í agus tá sí iontach foirmiúil mar sin de.
Seo cuid de na smaointe agus den téarmaíocht is tábhachtaí.
Comhcheannas
Más cumhacht neamhspleách í tír tá ceannas ag an tír sin uirthi féin. Is féidir léi a cuid rialacha agus dlíthe féin a cheapadh ar son mhuintir na tíre sin. Ach i ngrúpaí ar nós an AE nuair a thagann tíortha le chéile chun conradh a shíniú, aontaíonn siad go léir go gcloífidh siad le rialacha an chonartha sin.
Sa chás sin tá siad ag aontú go mbeidh siad faoi cheangal ag rialacha agus ag comhaontuithe lasmuigh dá dtír féin. Dá bhrí sin, tá siad ag comhroinnt cumhachta. Deirimid gur ag comhroinnt ceannais atá siad.
Nuair a théann tíortha isteach san Aontas Eorpach is gá dóibh ceannas a chomhroinnt; comhlíonann siad go léir na rialacha sna conarthaí agus comhlíonann siad go léir a gcuid dlíthe féin freisin.
Coimhdeacht
Is prionsabal an-tábhachtach san AE é seo. Is é an sainmhíniú ar Choimhdeacht “go ndéantar cinntí chomh cóngarach don saoránach agus is féidir”.
Cuireann an focal ‘coimhdheacht’ síos ar an smaoineamh go n-aithníonn an AE go bhfuil sé ábalta cinntí áirithe a dhéanamh go maith ar son an AE uile, ach gur cheart do thíortha an AE a gcinntí féin a dhéanamh ar a gceisteanna áitiúla féin. Díreoidh an AE ar na rudaí sin is gá comhordú ar fud an AE, amhail caighdeáin uisce a chosaint, mar shampla.
Leathnú & Doimhniú
Is é seo an téarma a chuireann síos ar fhorbairt stairiúil an AE. Leathnaíonn an AE chun glacadh le baill nua agus nuair a tharlaíonn sin tá comhaontú ann ar conarthaí nua a chuirfidh leis an méid cumhachta a bheidh ag na baill uile – is ‘lánpháirtiú níos doimhne’ an téarma cruinn atá air seo.
Cónaidhmeacht v Idir-rialtasacht
Tá dhá chur chuige ann le cumacht a comhroinnt idir tíortha. I gceann amháin díobh is gá do thíortha bheith nasctha le chéile go dlúth agus is gá d’áit lárnach na cinntí is tábhachtaí a dhéanamh ar son na dtíortha sin. Cónaidhmeacht an t-ainm ata ar an gcur chuige seo. Dea-shampla is ea SAM. Sa cheann eile tá tíortha ann atá go hiomlán neamhspleách agus déanann siad comhaontú ar leith gach uair a oibríonn siad le chéile, ach coinníonn gach tír smacht iomlán ar na cinntí is tábhachtaí. Idir-rialtasacht an t-ainm atá ar an gcur chuige seo. Dea-shampla is ea na Náisiúin Aontaithe.
Is meascán den dá chur chuige é an AE – comhroinneann tíortha roinnt cumhachtaí (caighdeáin timpeallachta, mar shampla) agus coinníonn tíortha cumhachtaí eile nach gcomhroinneann siad (an t-arm, mar shampla).
An tEasnamh Daonlathach
Tá an téarma seo in úsáid chun cur síos a dhéanamh ar an imní atá ag daoine nach bhfuil an AE chomh daonlathach is a d’fhéadfadh sé a bheith ná ba cheart dó a bheith.
Na Conarthaí
Tá an tAontas Eorpach tógtha ar shraith Conarthaí. Tá gach ceann díobh sínithe ag rialtais na dtíortha rannpháirteacha agus, trí na conarthaí seo a shíniú, comhaontaíonn siad comhoibriú agus a bheith ina bpáirt den AE.
Tá Conarthaí Bunaidh agus Conarthaí Aontachais ann.
Déantar Conarthaí Aontachais nuair a théann tíortha nua isteach san AE. Féach anseo le haghaidh tuilleadh faisnéise maidir le Méadú an AE.
Déantar na Conarthaí Bunaidh nuair ba mhaith le tíortha san AE an líon cumhachtaí agus tascanna ba mhaith leo a chomhroinnt a mhéadú.
An ceann ba luaithe de na conarthaí seo ba ea an conradh lenar bunaíodh an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach a síníodh i bPáras in 1951
Féach anseo le haghaidh conarthaí tábhachtacha eile.