
Monthly Archives: Márta 2025


Comórtas – Seachtain na nInnealtóirí
- Dúshlán Aireagán na Todhchaí le COGG agus an Amber Institute.
- Duaiseanna iontacha ar fáil.
- Cuir iontrálacha isteach anseo.

Lá Idirnáisiúnta an Mhata
- Bígí cruthaitheach, bígí matamaiticiúil, agus bígí linn le haghaidh Lá Idirnáisiúnta an Mhata!
- Mar chuid de cheiliúradh Lá Idirnáisiúnta an Mhata 2025, tá comórtas curtha le chéile ag Súile Mata, i gcomhpháirtíocht le COGG agus Seachtain Mhata na hÉireann, chun daltaí bunscoile ar fud na hÉireann a spreagadh chun sluán i nGaeilge a chumadh d’íomhánna Súile Mata.
- Dáta deiridh le haghaidh iontrálacha 18/03/25 ag 17:00
- Níos mó eolais anseo.

Ar Líne – Ceardlann do mhúinteoirí Gaeilge T1 na Sraithe Sóisearaí: Moltaí do leagan nua Dúchas
Múinteoirí Gaeilge T1 na Sraithe Sóisearaí
Ar mhaith leat do ghuth a bheith san áireamh agus an leagan nua den téacsleabhar Dúchas á chur le chéile?
Reáchtálfar ceardlann aiseolais ar líne ar 12 Márta idir 9:30 – 11:00 chun moltaí múinteoirí Gaeilge a bhailiú don leagan nua den téacsleabhar.
Cláraigh anseo: