Monthly Archives: Feabhra 2025
Cuirtear fáilte roimh iarratais ar an M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta i Scoil an Oideachais, Coláiste na Tríonóide.
Is cúrsa solúbtha é seo a reachtáiltear ar bhonn páirt-aimseartha thar dhá bhliain agus díríonn ábhar an chúrsa go sonrach ar riachtanais ghairmiúla múinteoirí agus ceannairí scoile i scoileanna Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.
Tá an cúrsa á mhaoiniú ag an Roinn Oideachais agus mar sin ní bhíonn le díol ag rannpháirtithe an chúrsa ach €650 in aghaidh na bliana.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ag na nascanna seo a leanas:
- Éist le tuairimí rannpháirtithe an chúrsa anseo.
- Cláraigh do sheisiún eolais faoin M.Oid. ar an 13 Márta ag 16.00 ar líne anseo.
-
Cuir iarratas isteach
anseo. Is iad an 3 Márta an chéad spriocdháta tosaíochta eile, ach cuirtear fáilte roimh iarratais idir seo agus an 5 Bealtaine.

Is cúis áthais do COGG, i gcomhpháirt le Gaeloideachas, Comhdháil Cheannaireachta 2025 a fhógairt.
Beidh lá cuimsitheach againn faoin teideal, “Fís, Fás, Forbairt agus Feasacht!”
Tuigimid go léir na dúshláin atá romhainn mar earnáil agus tabharfaidh an chomhdháil an deis dúinn na míreanna sa teideal a fhorbairt i dteannta a chéile.
Clúdófar lóistín agus bia do thoscairí agus táthar ag súil leis na hacmhainní go léir atá forbartha le déanaí ag COGG a chur faoi bhur mbráid ar an lá.
Tá blas den mhéid a bheidh ar siúl thíos ach beidh tuilleadh le fógairt ar an lá.
Cláraigh anseo.
Má tá ceist ar bith agaibh, déanaigí teagmháil liom nó seol scéal go comhdhail@cogg.ie.

Tá áthas ar COGG a fhógairt go mbeidh duine d’údair na sraithe staire, Aistear Ama: Stair don tSraith Shóisearach, Edel Ní Loingsigh, i mbun ceardlainne ar Aistear Ama 3, Déardaoin seo chugainn, 13 Feabhra, mar chuid de Fhóram Feasa. Foilseofar Aistear Ama 3 in am don scoilbhliain nua.
Ag an seisiún (6-7 a chlog) , beidh:
- Caibidlí samplacha (Aistear Ama 3) á roinnt le múinteoirí
- Cur i láthair ar chluichí nua idirghníomhacha ar Aistear Ama 1, 2 atá ar fáil ar tairseachcogg.ie
- Deis plé agus moltaí faoi na hacmhainní nua
- Is féidir clárú ag an nasc thíos:
https://tinyurl.com/aistearama