Monthly Archives: Deireadh Fómhair 2024

D’fhreastail múinteoirí iar-Bunscoile ó gach cearn den tír ar chúrsa FGL in FCÁT an tseachtain seo caite in Áth Luain. Bhí deis acu a Chleachtais a roinnt agus d’fhoghlaim siad faoi dhea-chleachtas sa tumoideachas. Gabhann COGG buíochas lenár gcomhpháirtithe ón ETBI agus le héascaitheoirí an chúrsa ó Ollscoil na Gaillimhe Breandán Mac Gearailt agus Sinéad Ní Ghuidhir. Is fiú óir í an fhoghlaim.

Tá COGG an-sásta a fhógairt go mbeidh ranganna Gaeilge á gcur ar fáil ar líne saor in aisce do mhúinteoirí iar-bhunscoile arís an téarma seo.
D’éirigh go hiontach leis na ranganna Gaeilge do mhúinteoirí na nIar-bhunscoileanna a reáchtálamar ar líne i gcomhar le Gaelchultúr san Fhómhar,le Dianchúrsa COGG a bhí ar siúl i mí Lúnasa agus le linn an dá théarma scoile anuraidh.
Cuirtear na ranganna ar fáil saor in aisce anois ach éarlais a íoc. Is gá do mhúinteoirí éarlais €50 a íoc agus má fhreastalaíonn an múinteoir ar 8 rang as 10, gheobhaidh siad aisíoc de €50. Má tá fíordheacracht ag aon scoil leis an éarlais seo agus más mian le múinteoirí na ranganna a dhéanamh is féidir teagmháil a dhéanamh linn go díreach agus beidh cabhair ar fáil.
Tabharfaidh na ranganna seo an-mhuinín do mhúinteoirí don teagasc trí Ghaeilge agus tacóidh siad leo barr feabhais a bhaint amach agus a bheith muiníneach sa seomra ranga trí Ghaeilge, agus leis na hacmhainní agus na háiseanna téarmaíochta Gaeilge don seomra ranga.
Cláraigh anseo.