Monthly Archives: Meán Fómhair 2021

Cearta aistriucháin go Breatnais agus Béarla do na 6 leabhar i sraith Rita ceannaithe ag Graffeg

Tá ríméad ar theach foilsitheoireachta An tSnáthaid Mhór a fhógairt go bhfuil cearta shraith
Rita le Máire Zepf agus Andrew Whitson ceannaithe ag GRAFFEG Books sa Bhreatain Bheag.
Cheannaigh Graffeg Books na cearta leis na 6 leabhar sa tsraith a chur i gcló sa Ríocht
Aontaithe agus in Éirinn i mBreatnais agus i mBéarla araon.
‘Is iad na leabhair sa tsraith ná Rita agus an Róbat, Rita agus an tSióg Mhaith, Rita agus an
Dragún, Rita agus an Chailleach, Rita agus an Ninja agus Rita agus an Lampa Draíochta.
Cé hí Rita? Is cailín beag í le smaointe móra. Is splanc chruthaitheach í Rita ar toradh í ar an
chomhoibriú samhlaíoch idir an maisitheoir Andrew Whitson agus an scríbhneoir Máire Zepf.
Bhí sé mar aidhm ag an fhoireann chruthaitheach sin carachtar nua a chruthú, carachtar a
bheadh aitheanta ag páistí ar fud na tíre, le dearadh beoga agus pearsantacht láidir uathúil.
Bheadh sí so-aitheanta, spleodrach, tarraingteach, agus mar gheall ar an chinneadh sraith
leabhar a dhéanamh, bheadh sí i gcónaí i mbun eachtraí nua.
Tá cáil nach beag ar na leabhair seo do pháistí a fhoilsítear faoi bhranda ‘An tSnáthaid Mhór’,
comhlacht atá lonnaithe sa Chultúrlann, i gCeathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste, le 15 bliana
anuas. Tá ‘Children’s Book Award’ de chuid Chumann Litearthachta na hÉireann bainte ag an
tsraith agus tá an leabhar is déanaí sa tsraith, Rita agus an Lampa Draíochta, ainmnithe do
Ghradam Réics Carló 2021.
Is luachmhar amach an nasc idir An tSnáthaid Mhór agus Graffeg Books agus iad ag
comhoibriú le chéile le tamall de bhlianta anuas. Is forbairt mhór eile ar an chomhoibriú sin
an socrú leabhair Rita a fhoilsiú i mBreatnais agus i mBéarla. Tá An tSnáthaid Mhór thar a
bheith sásta páirtíocht a dhéanamh lena gcomhionann de chomhlacht neamhspleách
foilsitheoireachta a bhfuil sé mar thosaíocht acu leabhair d’ardchaighdeán a fhoilsiú agus is
ábhar breise sásaimh é go mbíonn aird ag Graffeg ar an fhoilsitheoireacht sa Bhreatnais féin.
Arsa Peter Gill, Stiúrthóir Bainistíochta Graffeg: ‘An margadh seo a thugann dúinn na cearta
ar leabhair Rita a aistriú go Béarla agus Gaeilge, is buaicphointe é sa chaidreamh gnó agus
cairdis atá á fhorbairt i rith an ama idir An tSnáthaid Mhór agus Graffeg. Eadrainn, d’fhoilsigh
muid 15 leabhar pictiúr do pháistí i sraith Molly, i nGaeilge, i mBreatnais agus i mBéarla agus
anois, foilseofar 18 leabhar i sraith Rita. Tharla sé sin uilig a bhuí leis an ghníomhaire James
Catchpole agus an t-údar Malachy Doyle, a thug le chéile muid chun Molly and the Stormy
Sea (Muireann agus an Fharraige Fhiáin) a fhoilsiú. Ar ndóigh, is maisitheoir agus foilsitheoir
an-chumasasch é Andrew agus cuireann sé lúcháir an domhain orainn bheith ag comhoibriú
le Andrew agus Malachy.’
Dúirt stiúrthóir An tSnáthaid Mhór, Andrew Whitson, gur “‘branda so-aitheanta” í Rita a
bhfuil lucht léitheoireachta dílis aici cheana agus gur theastaigh uaidh le tamall an baile ceart
oiriúnach a fháil don tsraith leabhar óna mbeifí ábalta scéal RITA a chraobhscaoileadh chuig
pobail léitheoireachta úra.
“Tá an-áthas orainn go bhfuil an baile sin faighte againn i dteach foilsitheoireachta Graffeg.
An nasc seo le Graffeg, tugann sé aitheantas don cheangal atá idir na teangacha Ceilteacha
agus don saibhriú a chuireann an comhoibriú le scéal na foilsitheoireachta.
“Tréaslaíonn muid a tallann ar leith leis an údar Máire Zepf, a scríobhann scéalta Rita le croí
mór agus le fuinneamh. Creidim gur tréimhse an-spéisiúil é seo i saol An tSnáthaid Mhór agus
táimid ar bís leis an doras nua seo a oscailt ar shraith Rita.”
Dúirt Caitríona Nic Sheáin, comhstiúrthóir an chomhlachta:
“Tá ríméad an domhain orainn go bhfuil muid tar éis na cearta a dhíol leis an fhoilsitheoir
Breatnaise, Graffeg. Is foilsitheoirí iad a bhfuil nasc againn leo le tamall. Bíonn muid ag
comhoibriú leo ar chomheagráin Ghaeilge den tsraith leabhar Muireann/Molly/Mali,
scríofa ag Malachy Doyle agus maisithe ag Andrew Whitson. Fágann sé sin go bhfuil
féidearthacht ann eachtraí Rita a scaipeadh, ar ardáin éagsúla, chuig pobail teanga eile. Tá
lucht leanúna dílis ag Rita i measc phobal óg na Gaeilge cheana féin – ach fan go bhfeicfidh
siad Rita nuair a thiocfaidh sí chun beatha sa Bhreathnais agus sa Bhéarla fosta!”
Dúirt Máire Zepf, údar na sraithe: “Tá mé ar bís faoin eachtra nua seo atá os comhair Rita
s’againne. B’ardú croí agus spreagadh chun oibre dúinn é an dáimh le Rita a léirigh páistí
anseo agus mar a ghlac siad na leabhair chucu féin. Ach is mór an rud anois smaoineamh go
mbeidh páistí i dteaghlaigh agus I scoileanna Breatnaise agus Béarla ag léamh faoi eachtraí
Rita chomh maith .”
Foilseofar an chéad dá leabhar i mBreatnais agus i mBéarla san fhómhar 2021. Sin iad ‘Mae
Rita eisiau Robot’ / ‘Rita wants a Robot’ agus ‘Mae Rita eisiau Gwrach’ / ‘Rita wants a Witch’.
Cuirfear na ceithre theideal eile i gcló i rith 2022.
Tuilleadh eolais: Caitríona Nic Sheáin ar [email protected]
[email protected]

Scéim bronnta leabhar uile-oileáin á seoladh ag Laureate na nÓg, Foras na Gaeilge, an Chomhairle Ealaíon

Scéim bronnta leabhar uile-oileáin á seoladh ag Laureate na nÓg, Foras na Gaeilge, an Chomhairle Ealaíon

Gheobhaidh bunscoileanna beagnach 30,000 bunsaothar Gaeilge

*Ní gá do scoileanna Gaeltachta, Galescoileanna nó bunscoileanna atá lonnaithe i mBailtí Seirbhíse Gaeltachta and Líonraí Gaeilge clárú.

 

Inniu (an 1 Meán Fómhair), rinne Laureate na nÓg, Áine Ní Ghlinn, i gcomhpháirtíocht le Foras na Gaeilge agus leis an gComhairle Ealaíon, An Bosca Leabharlainne a sheoladh, ar tionscnamh bronnta leabhar é faoina seolfar bosca de leabhair Ghaeilge chuig 1,125 bhunscoil ar fud na hÉireann. Is bunsaothair fhicsin Ghaeilge iad na leabhair, atá roghnaithe ag Áine í féin. Ina measc tá pictiúrleabhair, filíocht agus úrscéalta. Is leabhair iad atá cumtha agus deartha ag údair agus maisitheoirí na linne seo agus a foilsíodh in Éirinn. Tá gradaim buaite ag go leor acu agus roghnaíodh gach ceann díobh as a bharrfeabhais.

 

Is é An Bosca Leabharlainne príomhthionscadal Áine Ní Ghlinn ina cáil mar Laureate na nÓg (2020-2023). Nuair a fógraíodh gurb í 6ú Laureate na hÉireann don Litríocht do Pháistí, dúirt Áine go ndíreodh sí mar Laureate ar infheictheacht litríocht na Gaeilge do pháistí a mhéadú agus ar léitheoireacht na Gaeilge mar chaitheamh aimsire, ní mar ‘obair bhaile’ amháin, a chur chun cinn. Tá sí anois ag iarraidh ar bhunscoileanna ar fud na hÉireann iarratas a dhéanamh ar an mBosca Leabharlainne. Seo an méid a bhí le rá ag Laureate na nÓg, Áine Ní Ghlinn:

Gheobhaidh na scoileanna 25 leabhar mar aon le pacáiste tacaíochta. Gheobhaidh suas le fiche scoil Scéim Chónaithe le healaíontóir nó scríbhneoir agus beidh físcheardlanna le feiceáil ar líne freisin. Mo mhíle buíochas le Foras na Gaeilge agus leis an gComhairle Ealaíon as a gcuid tacaíochta. Táimid go léir ar aon intinn faoi thábhacht na léitheoireachta do dhaoine óga agus faoin tábhacht a bhaineann le pléisiúr a bhaint as a bheith ag léamh as Gaeilge seachas a bheith ag smaoineamh air mar obair bhaile.

 

Is tionscnamh uile-oileáin é An Bosca Leabharlainne atá á chur i gcrích i gcomhpháirtíocht le Foras na Gaeilge agus leis an gComhairle Ealaíon. Tá sé ar oscailt do bhunscoileanna lán-Bhéarla agus lán-Ghaeilge araon; tabharfar tús áite, áfach, do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, chomh maith le bunscoileanna i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus i mbailte atá ainmnithe mar Líonraí Gaeilge. Agus é ag fógairt na comhpháirtíochta le Laureate na nÓg, agus ag deimhniú tacaíocht dar luach €300,000 don Bhosca Leabharlainne, seo mar a labhair Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn:

Tá sé an-tábhachtach gur féidir pobal gníomhach léitheoireachta a chinntiú don Ghaeilge don am atá le teacht. Mar sin, tá lúcháir ar Fhoras na Gaeilge tacú leis an tionscadal iontach seo a cheap Áine Ní Ghlinn mar phríomhthionscadal agus í ina Laureate na nÓg. Tá baint mhór ag Foras na Gaeilge le cur chun cinn na léitheoireachta tríd An Gúm, Clár na Leabhar Gaeilge agus ÁIS agus tá muid thar a bheith sásta a bheith ag comhoibriú le Laureate na nÓg agus An Chomhairle Ealaíon leis an léitheoireacht a chur chun cinn i measc daoine óga. Spreagfaidh An Bosca Leabharlainne páistí le sult a bhaint as na leabhair iontacha atá ar fáil agus cothóidh sé an chéad ghlúin eile de léitheoirí na Gaeilge.

 

Bhí an méid seo le rá ag Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, Maureen Kennelly:

Is cúis ollmhór bróid don Chomhairle Ealaíon é Laureate na nÓg, idir an onóir a thugann sé do scríbhneoir nó maisitheoir do pháistí, agus an uaillmhian agus scleondar a spreagann sé. Le tionscnamh an Bhosca Leabharlainne, tá slí á réiteach ag an Laureate, Áine Ní Ghlinn, chun gur féidir le páistí grá fad saoil a fhorbairt do leabhair den scoth agus a samhlaíocht agus a gcruthaitheacht a mhúscailt. Tá an léitheoireacht mar chaitheamh aimsire ar cheann de rudaí is aoibhne sa saol, agus is mór an chúis lúcháire dúinn é leabhair Ghaeilge den scoth a fheiceáil i lámha páistí ar fud na tíre.

 

Bunscoileanna ar spéis leo An Bosca Leabharlainne a fháil, is ceart dóibh foirm iarratais a líonadh amach ar shuíomh gréasáin Laureate na nÓg, childrenslaureate.ie. Is é Déardaoin an 14 Deireadh Fómhair 2021 an spriocdháta le hiarratas a dhéanamh. Is tionscnamh de chuid na Comhairle Ealaíon é Laureate na nÓg. Tá sé á bhainistiú agus á chur i gcrích thar ceann na Comhairle ag Leabhair Pháistí Éireann, agus faigheann sé tacaíocht ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, agus ón Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige. Trí onóir a thabhairt d’ealaíontóir fíorchumasach díograiseach, tá Laureate na nÓg ag tacú leis an litríocht do pháistí agus do dhaoine óga agus á ceiliúradh, rud a spreagfaidh na glúnta de scríbhneoirí, maisitheoirí agus léitheoirí atá le teacht.