Monthly Archives: Nollaig 2020

Cluichí Nua

Cluedo

Tá Úna Bean Uí Dhuinn marbh, feall déanta uirthi ina hóstán féin, ach cé a rinne an gníomh, cá bhfuair sí bás agus conas a maraíodh í?

Fáilte go leagan Glór na nGael den chluiche Cluedo as Gaeilge, Dúnmharú san Óstán atá foilsithe le tacaíocht ó COGG agus Foras na Gaeilge.

Tá an cluiche Cluedo aitheanta ar fud an domhain, agus níl aon amhras gur ceann de na cluichí ‘comhrá’ is coitianta atá ann. Aithnítear an ról ar leith atá ag cluichí cómhrá mar Cluedo, Monopoly, Scrabble srl i spreagadh labhairt na teanga i ngrúpaí, mar uirlis fhoghlama agus sóisialta.

Tá coincheap an-simplí taobh thiar den chluiche: go bhfuil   feall déanta in óstán (Bean Uí Dhuinn marbh) agus scaipthe i measc na n-imreoirí tá roghanna de hairm, suíomhanna agus amhrastaigh freagrach as an bhfeall. Idir líomhaintí agus amhras, agus píosa maith bleachtaireachta, fiosraíonn na himreoirí cé a rinne an feall, cén arm a úsáideadh agus cén áit ar tharla sé. Níos mó eolais anseo.

 

Liathróid aclaíochta

Is áis úsáideach do ranganna corpoideachais é an Liathróid Aclaíochta, forbartha ag Glór na nGael le tacaíocht COGG.

Ar na painéil timpeal tlacht na liathróide tá réimse treoracha aclaíochta agus caitear an liathróid o dhalta go dalta. Pé áit a chríochnaíonn ordóg na láimhe clé an duine atá ag greim ar an liathróid, caithfear treoir na haclaíochta sin a dhéanamh.

Spraoi, aclaíocht agus teanga, in aon liathróid amháin. Níos mó eolais anseo.

Jimín – Eagrán Nua ar Fáil


Eagrán 2020 i bhfoirm leabhair A5 agus clúdach bog air. Leagan caighdeánaithe neamhghiorraithe de scéal Jimín, in eagar ag Ríona Nic Congáil agus maisithe ag Andrew Whitson. Bhí borradh faoin eagrán crua den leabhar seo i 2018, agus anois tá an leagan bog ar fáil.
Leagan caighdeánach ar fáil anseo. Leagan Canúnach (Mumhan) ar fáil anseo.

Dánta Duibhneacha


DÁNTA DUIBHNEACHA

I ndúlúchair na bliana 2020 tháinig filí agus ceoltóirí as Corca Dhuibhne le chéile i Séipéal an Dísirt sa Daingean, Contae Chiarraí le cuid de shaibhreas an cheantair a cheiliúradh, idir focail agus foinn. Tháinig an fhilíocht le chéile le hamhráin agus ceol, sean agus nua, le cultúr beo Chorca Dhuibhne a léiriú go healaíonta.

DÁNTA DUIBHNEACHA 1

Déardaoin 10 Nollaig 8.00 i.n.

Simon Ó Faoláin, Páidí Mharthain Mac Gearailt, Peadar Ó hUallaigh, Muireann Nic Amhlaoibh, Gerry O’Beirne agus Dairena Ní Chinnéide

DÁNTA DUIBHNEACHA 2

Dé hAoine 18 Nollaig 8.00 i.n.

Pádraig Mac Fhearghusa, Éilís Ní Chinneide, Gerry O’Beirne, Bríd Ní Mhóráin, Breanndán Ó Beaglaoich agus Ceaití Ní Bheildúin
Níos mó eolais anseo.